Rug Nabúzaradán, ceann an gharda, leis i mbraighdeanas don Bhablóin fuíoll na ndaoine a fágadh sa chathair, agus an dream a theith chuige, mar aon leis an gcuid eile de cheardaithe na cathrach.
Dhíbir Nabúzaradán, captaen an gharda, an mhuintir a bhí fágtha sa chathair agus na tréigtheoirí a bhí i ndiaidh taobhú le rí na Bablóine agus fuíoll na gceardaithe oilte.
Óir is mar seo a deir an Tiarna: “Teilgfidh mé amach anois muintir na tíre, an uair seo, agus cuirfidh mé i sáinn iad, féachaint an bhfaighidh siad ansin mé!”
Mar sin teilgfidh mé as an tír seo sibh go tír nach aithnid daoibh féin ná do bhur n‑aithreacha; déanfaidh sibh fónamh ansin do dhéithe eile, de lá agus d'oíche, agus ní thaispeánfaidh mise fabhar daoibh a thuilleadh.’
Maidir leis na drochfhígí, nárbh fhéidir a ithe ar a n‑olcas - go deimhin is mar seo a deir an Tiarna - is amhlaidh sin a dhéanfaidh mé le Zidicíá rí Iúdá, a phrionsaí agus fuílleach Iarúsailéim a d'fhan sa tír seo, agus fós an dream a chónaíonn i gcríoch na hÉigipte.
Dúirt an rí Zidicíá le Irimia ansin: “Tá eagla orm roimh na Giúdaigh atá imithe cheana do thaobh na gCaildéach, ar fhaitíos go dtabharfaí ina lámha siúd mé agus go dtabharfaidís ainíde orm.”
An briathar a tháinig go Irimia tar éis do Nabúzaradán, ceannaire an gharda, é a fhuascailt as Rámá; is amhlaidh a thóg seisean amach é agus é ceangailte i slabhra i measc na bpríosúnach as Iarúsailéim agus Iúdá a bhí á mbreith don Bhablóin.
Nuair a chuala ceannairí uile na saighdiúirí a bhí fós, iad féin agus a gcuid fear, ar fud na tuaithe, go ndearna rí na Bablóine rialtóir de Ghadailiá mac Aichíceám sa tír, agus gur thug sé faoina chúram fir, mná agus leanaí, agus bochta sin na tíre nár tugadh don Bhablóin,