Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 39:5

An Bíobla Naofa 1981

Lean saighdiúirí na gCaildéach iad agus rug siad ar Zidicíá ar mhachairí Ireachó. Nuair a ghabh siad é thug siad suas go Nabúcadnazar rí na Bablóine é i Ribleá i dtír Hamát, áit ar thug sé breithiúnas air.

Féach an chaibidil Cóip

26 Tagairtí Cros  

Nuair a chuala Toí rí Hamát gur bhris Dáiví ar arm Hadad Eizir go léir,

Thug rí na hAsaíre daoine ón mBablóin, ó Chútá, ó Avá, ó Hamát, agus ó Shafarvaím, agus chuir sé iad chun cónaithe i gcathracha na Samáire in áit chlann Iosrael. Ghabh siadsan seilbh ar an tSamáir agus chuaigh chun cónaí ina cathracha.

Chuir Forann Neaco i gcuibhreacha é ag Ribleá i ndúiche Hamát (agus é ina rí in Iarúsailéim) agus chuir cáin céad tallann airgid agus tallann óir ar an tír.

Ghabh na Caildéigh an rí agus thug siad os comhair rí na Bablóine i Ribleá é, agus thug seisean breith air.

Chuir an Tiarna taoisigh airm rí na hAsaíre ina gcoinne agus ghabh siad Manaise le duáin, agus chuir geimhle cré-umha air agus thug siad leo go dtí an Bhablóin é.

tá do cheannfoirt uile i ndiaidh a thabhairt do na boinn, ina bpríosúnaigh gan bogha a lúbadh. An chuid is cróga agaibh, tá siad ina bpríosúnaigh, tar éis gur theith siad i bhfad ar shiúl.

Ina dhiaidh sin - an Tiarna a labhraíonn - tabharfaidh mé Zidicíá, rí Iúdá, lena sheirbhísigh agus an méid de mhuintir na cathrach seo a fágadh ón bplá, ón gclaíomh nó ón ngorta, i láimh a namhad agus i láimh na ndaoine a iarrann a mbás; buailfidh sé iad le faobhar an chlaímh, ní choigleoidh sé iad, ní mó a bheidh trua ná trócaire aige dóibh.’

Maidir leis na drochfhígí, nárbh fhéidir a ithe ar a n‑olcas - go deimhin is mar seo a deir an Tiarna - is amhlaidh sin a dhéanfaidh mé le Zidicíá rí Iúdá, a phrionsaí agus fuílleach Iarúsailéim a d'fhan sa tír seo, agus fós an dream a chónaíonn i gcríoch na hÉigipte.

Ach mura dtéann tú amach agus géilleadh d'oifigigh rí na Bablóine, ansin tabharfar an chathair seo i láimh na gCaildéach a dhófaidh go talamh í; agus ní rachaidh tusa óna lámha.’ ”

Sea, tabharfar amach do mhná céile uile agus do chlann chun na gCaildéach, agus ní rachaidh tú féin saor óna lámha, ach beidh tú i do phríosúnach i gcrúba rí na Bablóine. Maidir leis an gcathair seo, dófar go talamh [í].”

Tá gaoth [bhagartha] ag teacht ar m'ordú. Anois is mé féin atá ar tí breithiúnas a thabhairt orthu!”

Is mar seo a deir an Tiarna: Féach, tabharfaidh mé Forann Hofra rí na hÉigipte i láimh a namhad agus i láimh na droinge a iarrann a bhás, díreach mar a thug mé Zidicíá rí Iúdá i láimh Nabúcadnazar rí na Bablóine, a namhaid a d'iarr a bhás.’ ”

I dtaobh na Damaisce: “Tá mearbhall ar Hamát, mar an gcéanna le hArpad; chuala siad drochscéala. Tá a gcroí [breoite le teann eagla]. Ní féidir iad a shuaimhniú.

D'imigh Iúdá léi ar deoraíocht chun angar agus daoirse a sheachaint; cónaíonn sí i measc na náisiún ach ní bhfaigheann sí ionad suaimhnis ann; óir, tá an tóir tar éis teacht suas léi mar a bhfuil sí i gcúngrach mór.

Ungthach an Tiarna, arbh ionann agus beatha dúinn é, gabhadh ina bpollghaiste é, an té a ndúramar faoi: “Is faoina scáthsan a mhairfimid i measc na náisiún.”

Ionsóidh siad thú [aduaidh] le carbaid, le cóistí agus le slua daoine; cuirfidh siad sciath, lúireach agus clogad i do choinne ó gach taobh. Fágfaidh mé breithiúnas fúthu agus daorfaidh siad thú de réir a mbreithiúnais féin.

Cine uamhnach uafásach is ea iad a dtagann a ndlíthe agus a n‑ardcheannas uathu féin amháin.

Chuadar suas dá bhrí sin, chun an tír a bhrath, ó fhásach Zin go dtí Rachob agus Bealach Hamát.

agus críocha na nGeabalach agus an Liobáin go léir soir ó Bhál Gád ag bun Sliabh Hearmón go Bealach Hamát.

Ghabh timpeall daichead míle fear díobh faoi airm chatha thar abhainn anonn chun cogaidh, roimh an Tiarna, i dtreo mhachairí Ireachó.

Fad a bhí muintir Iosrael ag cur fúthu i gcampa i nGilgeál, choimeádadar an Cháisc ar an gceathrú lá déag den mhí, um thráthnóna, ar mhachairí Ireachó.

cúigear, taoiseach na bhFilistíneach, na Canánaigh go léir, na Síodónaigh, na Hitigh a bhí ag cur fúthu ar Shliabh na Liobáine, ó ardáin Bhál Hearmón go Bealach Hamát.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí