Tamall tar éis na nithe sin tháinig briathar an Tiarna chun Abrám i bhfís á rá: “Ná bíodh eagla ort, a Abrám. Is mé do sciath; beidh luach saothair an-mhór agat.”
Dúirt Dáiví le Gád: “Is é rogha na ndíogha agam é! Ach is fearr go dtitimis i láimh an Tiarna, óir is mór é a thrócaire, agus gan mé a thitim i lámha daoine.”
Ach chuala Seafaitiá mac Mhatán, Gadailiá mac Phaischiúr Iúcal mac Sealaimiá agus Paischiúr mac Mhailciá na briathra a bhí á rá ag Irimia leis an bpobal uile.
“A thiarna, a rí,” ar sé, “rinne na fir seo olc agus a leithéid de bhail a chur ar an bhfáidh Irimia; theilg siad sa tobar é, áit a bhfaighidh sé bás (den ghorta mar nach bhfuil aon arán fágtha sa chathair).”
Agus déarfaidh an rí á bhfreagairt: ‘Deirim libh go fírinneach, sa mhéid go ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú de na bráithre seo agamsa, is domsa a rinne sibh é.’