Cuirfidh mé mo shúile orthu ar mhaithe leo agus tabharfaidh mé ar ais don dúiche seo arís iad. Tógfaidh mé iad agus ní leagfaidh mé anuas iad, cuirfidh mé i dtalamh iad agus ní tharraingeoidh mé aníos iad.
Mar sin chuir (Nabúzaradán, ceann an gharda) Nabúiseazbán, an t‑ardfheidmheannach, Naergal Searaizir, an príomhoifigeach agus oifigigh uile rí na Bablóine díorma uathu,
Féach, scaoilim thú inniu ó na slabhraí atá ar do láimh. Más maith leat teacht liom don Bhablóin, tair; tabharfaidh mise aire duit. Mura maith leat teacht liom don Bhablóin, is cuma. Féach, tá an tír uile romhat, cibé áit is maith leat dul, téirigh ann.
Fiú má chuireann a naimhde i ngéibheann iad ordóidh mé don chlaíomh iad a mharú ansin, agus ní le gnaoi ach le holc chucu a choimeádfaidh mé súil orthu.”
agus thug sé slán é ó gach gábhadh dá raibh i ndán dó, bhronn air grástúlacht agus eagna i bhfianaise Fhorainn, rí na hÉigipte, agus rinne ceannaire ar an Éigipt de agus ceann ar an teaghlach ríoga.