Cé gur ungadh i mo rí mé, táim fann lag faoi láthair; tá na fir úd, clann mhac Zarúá, róbhorb dom. Go gcúití an Tiarna an t‑olc le fear a dhéanta de réir a dhrochbhirt!”
Chuir Zidicíá an rí fios air agus rug amach é. Cheistigh sé go rúnda é ina phálás: “An bhfuil focal ar bith ón Tiarna?” d'fhiafraigh sé. “Tá sin,” a dúirt Irimia, “tabharfar thusa i láimh rí na Bablóine,” ar sé.
D'fhreagair Áicís agus dúirt le Dáiví: “Tá a fhios agam, ar ndóigh, go bhfuil tú chomh glan ó mhilleán le haingeal ó Dhia i mo shúilese; ach dúirt taoisigh na bhFilistíneach: ‘Ná téadh sé amach linn chun catha.’