Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 38:20

An Bíobla Naofa 1981

“Ní thabharfar dóibh thú,” d'fhreagair Irimia, “ach umhlaigh do ghuth an Tiarna a labhraimse leat. Iarraim sin d'achainí ort, agus beidh sé go maith agatsa agus mairfidh tú beo.

Féach an chaibidil Cóip

20 Tagairtí Cros  

Abair leo gur tú mo dheirfiúr i dtreo go rithfidh go maith liom de do chionn-sa agus go ndéanfaí anacal orm ar do shonsa.”

Féach anois an chathair sin thall, tá sí cóngarach go leor chun teitheadh chúici agus níl aon toirt inti. Lig dom teitheadh ansiúd - nach beag í? - agus tiocfaidh mé slán le m'anam.”

D'éirigh siad go moch ar maidin agus d'imigh siad leo go fásach Theacóá. Ag cur chun bealaigh dóibh sheas Iahóiseáfát ansiúd agus dúirt: “Éistigí liom a fheara Iúdá, sibhse a chónaíonn in Iarúsailéim! Bíodh muinín agaibh sa Tiarna bhur nDia agus ní baol daoibh. Bíodh muinín agaibh ina fháithe agus beidh an lá libh.”

Sé mhúin sé dom agus sé a dúirt: “Bíodh mo bhriathra i gcochall do chroí; coinnigh m'aitheanta agus mairfidh tú beo.

Comhlíon m'aitheanta agus mairfidh tú beo; coinnigh mo theagasc mar mhac imreasan do shúile.

Tugaigí cluas agus tagaigí chugam, éistigí agus beidh bhur n‑anam saolach. Déanfaidh mé conradh libh, conradh buan an uair seo, an chomaoin cheanúil a chur oraibh a ba mhinic ag Dáiví.

a d'ordaigh mé do bhur n‑aithreacha nuair a thug mé ón bhfoirnéis iarainn iad, as críoch na hÉigipte. Umhlaígí do mo ghlóir, dúirt mise leo, déanaigí an uile ní a ordóidh mise daoibh, is ansin a bheidh sibhse in bhur bpobal agamsa agus beidh mise i mo Dhia agaibh,

Ach níor umhlaigh siad, níor thug dom cluas; shiúil gach aon díobh i gcomhairle a dhrochchroí féin. Ar an ábhar sin chomhlíon mé ina gcoinne briathra uile an chonartha seo a d'ordaigh mé dóibh a dhéanamh, ach nach ndearna siad.”

Mar sin leasaigí bhur n‑iompar agus bhur ngníomhartha; umhlaígí do ghuth an Tiarna bhur nDia; má dhéanann sibh sin, beidh aithreachas air agus, an t‑olc a d'fhógair sé in bhur n‑aghaidh, ní dhéanfaidh sé é.

Ach má dhiúltaíonn tú dul amach, is é seo an scéal a d'fhoilsigh an Tiarna domsa:

Is mar seo a d'ordaigh mé dóibh: Éistigí le mo ghlór, agus beidh mise i mo Dhia agaibhse, agus beidh sibhse in bhur bpobal agamsa. Siúlaigí ar feadh na slí a ordaím daoibh, agus beidh an rath oraibh.

Óir is mar seo a deir an Tiarna Dia le teach Iosrael: Gabh ar mo lorgsa agus mairfidh tú;

Gabh ar lorg an Tiarna agus mairfidh tú; ar eagla go dtiocfadh sé ar theach Iósaef mar chaor thine agus go n‑alpfadh sí é agus nach mbeadh aon duine ann chun í a mhúchadh ar son theach Iosrael.

“Cibé beag mór,” arsa Pól, “go dtuga Dia duit féin agus don uile dhuine atá ag éisteacht liom inniu go mbeidh sibh mar atáimse - ach gan na slabhraí seo a bheith oraibh.”

Tuigimid cad is eagla Dé ann agus déanaimid áiteamh dá réir ar dhaoine. Is follas do Dhia ár meon agus tá súil agam gur follas do bhur gcoinsias-sa freisin é.

Dá réir sin is ambasadóirí thar ceann Chríost sinne mar gur trínne atá Dia ag achainí. Is é a impímid oraibh in ainm Chríost athmhuintearas a dhéanamh le Dia.

Ag obair dúinn i gcomhar leis impímid oraibh gan an grásta a fuair sibh uaidh a chur amú.

Ná cuirigí dallamullóg oraibh féin; ní hé amháin go gcaithfidh sibh éisteacht leis an mbriathar, caithfidh sibh é a chur i ngníomh chomh maith.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí