Irimia 38:2An Bíobla Naofa 1981“Is mar seo a deir an Tiarna: ‘Cibé duine a fhanfaidh sa chathair seo éagfaidh sé leis an gclaíomh, leis an ngorta agus leis an bplá; ach cibé duine a fhágfaidh í agus a ghéillfidh do na Caildéigh mairfidh sé; tabharfaidh sé a anam leis.’ Féach an chaibidil |
“Dá bhrí sin, is mar seo a deir an Tiarna: ‘Níor umhlaigh sibh domsa, gach duine saoirse a fhógairt dá dheartháir agus dá chomharsa. Tá go maith mar sin - is é an Tiarna a labhraíonn - fógraímse daoibhse saoirse chun an chlaímh, na plá agus chun an ghorta; déanfaidh mé díol uafáis díbh don uile ríocht ar domhan.