Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 38:16

An Bíobla Naofa 1981

Ansin mhionnaigh Zidicíá an rí mar seo faoi rún do Irimia: “Mar a mhaireann an Tiarna, a thug an t‑anam seo dúinn, ní chuirfidh mé chun báis thú, ná ní thabharfaidh mé thú i láimh na bhfear seo a iarrann do bhás.”

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

sula bhfille an deannach ar an talamh mar a raibh sé tráth agus anáil na beatha ar Dhia a bhronn í.

Is amhlaidh a deir an Tiarna Dia, an té a chruthaigh na spéartha agus a spréigh amach iad, a phasáil amach an talamh agus a thug toradh ann, a chuir anáil sna daoine atá ina gcónaí air agus meanma sa dream a shiúlann é:

Óir ní bheidh mé ag sárú oraibh i gcónaí, agus ní bheidh fearg á cothú istigh agam i dtólamh; mar sa tslí sin mheathfadh romham an bheatha féin agus gach dúil bheo dá ndearna mé.

tabharfaidh mise iadsan i láimh a namhad agus i láimh na droinge a iarrann a mbás; beidh a gcorpáin mar bhia ag éanlaith an aeir agus ag ainmhithe na talún.

Chuir Zidicíá an rí fios air agus rug amach é. Cheistigh sé go rúnda é ina phálás: “An bhfuil focal ar bith ón Tiarna?” d'fhiafraigh sé. “Tá sin,” a dúirt Irimia, “tabharfar thusa i láimh rí na Bablóine,” ar sé.

Oracal. Briathar an Tiarna i dtaobh Iosrael. Is é seo a deir an Tiarna, an té a shín amach na flaithis agus a leag bunsraith na cruinne agus a chruthaigh spiorad an duine istigh ann:

Ach chaitheadarsan iad féin ar an mbéal agus ar a bhfiacla, agus dúradar: “A Dhia, a Dhia na spiorad a chuireann anam i ngach feoil, an mbeidh fearg ort leis an gcomhthionól uile de bharr peaca aon duine amháin?”

“Go gcuire an Tiarna, Dia na spiorad, a chuireann anam san uile dhúil bheo, fear i gceannas an chomhthionóil,

Tháinig an duine seo chuige san oíche agus dúirt leis: “Tá fhios againn, a raibí, gur oide thú a tháinig ó Dhia óir ní féidir le haon duine na comharthaí seo a dhéanann tú a dhéanamh gan Dia a bheith leis.”

Ná níl aon ghá aige le freastal daoine faoi mar go mbeadh rud ar bith de dhíth air, mar is é féin a bhronn anam agus anáil agus uile ar chách.

mar is ann a mhairimid agus a ghluaisimid agus atáimid. Agus faoi mar a dúirt cuid de bhur bhfilí féin: ‘Is dá shliocht sinn fiú amháin.’ ”

Lena chois sin, nuair a chuireadh ár n‑aithreacha nádúrtha smacht orainn, bhímis urramach dóibh. Nach mó go mór ná sin is ceart dúinn bheith umhal dár n‑athair spioradálta agus an bheatha a shealbhú?




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí