Maidir liomsa: déanfaidh mé gairdeas go deo; canfaidh mé Salm do Dhia Iacóib. 10 Brisfidh mé cumhacht lucht an oilc agus ardófar na fíréin i gcumhacht.
Thug Eibid Meilic na fir leis agus chuaigh isteach sa phálás go dtí stóras an fheistis; rug leis as sin roinnt seanbhalcaisí a lig sé síos le rópaí go Irimia sa tobar.
Ach chuala Eibid Meilic an tAetóipeach, duine de na coillteáin a bhí i bpálás an rí, gur chuir siad Irimia sa tobar. Nuair a bhí an rí ina shuí i nGeata Bhiniáimin,
“A thiarna, a rí,” ar sé, “rinne na fir seo olc agus a leithéid de bhail a chur ar an bhfáidh Irimia; theilg siad sa tobar é, áit a bhfaighidh sé bás (den ghorta mar nach bhfuil aon arán fágtha sa chathair).”