Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 37:20

An Bíobla Naofa 1981

Éist anois liom, iarraim d'achainí ort, mo thiarna an rí; go nglactar go fabhrach leis an impí a dhéanaim i do láthair. Ná hordaigh mé a bhreith ar ais go teach Iónátán rúnaí, ar fhaitíos go bhfaghainn bás ansin.”

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Go dtaga mo ghuí i do láthair; fuascail mé de réir d'fhocail.

Ach bíodh a fhios agaibh seo go dearfa, má chuireann sibh chun báis mé, go dtabharfaidh sibh go deimhin fuil neamhchiontach oraibh féin, ar an gcathair seo agus ar a muintir, óir go fírinneach sheol an Tiarna mise chugaibh a labhairt na mbriathra seo uile in bhur gcluasa.”

B'fhéidir go gcuirfeadh siad a n‑urnaithe i bhfianaise an Tiarna agus go bhfillfeadh gach aon díobh óna dhrochshlí, óir is mór é an díomá agus an fhearg a léirigh an Tiarna in aghaidh an phobail seo.”

séard a déarfaidh tú leo: ‘Chuir mé an achainí seo i láthair an rí: nach n‑ordódh sé ar ais mé go teach Iónátán chun bás a fháil ann.’ ”

D'fhan Irimia i gCúirt an Gharda go dtí an lá a gabhadh Iarúsailéim.

agus dúirt siad leis: “Guímid thú éist lenár n‑achainí! Guigh ar ár son chun an Tiarna do Dhia, ar son an fhuíll seo uile - óir níl fágtha againn ach beagán de mhórán, mar is léir do do shúile féin -




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí