Ansin dúirt Irimia leis an rí Zidicíá: “Céard a rinne mise i d'aghaidhse, nó in aghaidh do sheirbhíseach, nó in aghaidh an phobail seo, as ar chuir tú i bpríosún mé?
Tháinig fearg ar Iacób ansin agus thug sé scalladh teanga do Lábán: dúirt Iacób le Lábán: “Cén choir nó cén peaca a rinne mé go bhfuil tú sa tóir orm chomh dian sin?
“Ar chuir Hiziciá rí Iúdá agus pobal uile Iúdá chun báis é mar gheall air sin? Nár mhó, agus eagla roimh an Tiarna orthu, a d'iarr siad fabhar air go mb'aithreach leis an t‑olc a bhí fógraithe aige ina n‑aghaidh? An gcuirfimidne anois an choir seo mar ualach ar ár n‑anamacha?”
D'fhreagair Íosa iad: “Tá a lán oibreacha fónta taispeánta agam daoibh ó m'Athair. Cé acu obair díobh a bhfuil sibh ag gabháil de chlocha ionam mar gheall uirthi?”
Labhair Pól leis an tsainidrín agus é ag cur na súl tríothu: “A bhráithre,” ar seisean, “níl scrupall dá laghad ar mo choinsias faoin gcuma inar iompair mé mé féin i bhfianaise Dé go dtí an lá atá inniu ann.”
Má táim san éagóir agus má tá aon ní déanta agam a thuillfeadh an bás, nílim ag iarraidh an bás a sheachaint. Ach mura bhfuil aon bhun leis na nithe atá siad a chur i mo leith, ní féidir le duine ar bith mé a thabhairt suas dóibh. Gairmim Céasar.”