Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 37:17

An Bíobla Naofa 1981

Chuir Zidicíá an rí fios air agus rug amach é. Cheistigh sé go rúnda é ina phálás: “An bhfuil focal ar bith ón Tiarna?” d'fhiafraigh sé. “Tá sin,” a dúirt Irimia, “tabharfar thusa i láimh rí na Bablóine,” ar sé.

Féach an chaibidil Cóip

25 Tagairtí Cros  

Nuair a tháinig sé chun an rí, dúirt an rí: “A Mhíocáia, ar chóir dúinn dul agus Rámot Gileád a ionsaí, nó ligean dó?” D'fhreagair sé: “Gluais agus treise leat! Tabharfaidh an Tiarna i lámha an rí é!”

Ach dúirt an rí: “An minic a chaithfidh mé thú a chur faoi bhrí na mionn gan ach an fhírinne a rá liom in ainm an Tiarna?”

Chuir siad mic Zidicíá chun báis os a chomhair; ansin bhain na súile as Zidicíá féin agus rug leo chun na Bablóine é faoi thromgheimhle.

Nach fíor é, a Thiarna, go ndearna mé mo dhícheall fónamh duit, go ndearna idirghuí leat ar mo namhaid

Ina dhiaidh sin - an Tiarna a labhraíonn - tabharfaidh mé Zidicíá, rí Iúdá, lena sheirbhísigh agus an méid de mhuintir na cathrach seo a fágadh ón bplá, ón gclaíomh nó ón ngorta, i láimh a namhad agus i láimh na ndaoine a iarrann a mbás; buailfidh sé iad le faobhar an chlaímh, ní choigleoidh sé iad, ní mó a bheidh trua ná trócaire aige dóibh.’

Maidir leis na drochfhígí, nárbh fhéidir a ithe ar a n‑olcas - go deimhin is mar seo a deir an Tiarna - is amhlaidh sin a dhéanfaidh mé le Zidicíá rí Iúdá, a phrionsaí agus fuílleach Iarúsailéim a d'fhan sa tír seo, agus fós an dream a chónaíonn i gcríoch na hÉigipte.

Níl dídean anois ag na haoirí, níl éalú ag tiarnaí na dtréad!

Chuir an rí Zidicíá Iahucal mac Shealaimiá agus an sagart Zafainiá mac Mhásaeiá chun an fáidh Irimia, á rá: “Guigh chun an Tiarna ár nDia ar ár son.”

“Tá sé in bhur lámha, mar is eol daoibh,” a dúirt an rí Zidicíá, “óir ní fhéadann an rí aon rud a dhéanamh in bhur n‑aghaidh.”

Lean na saighdiúirí Caildéacha an rí agus nuair a tháinig siad suas le Zidicíá ar mhánna Ireachó, thréig a chuid saighdiúirí féin go léir é.

Tagann tubaiste ar mhullach tubaiste, ráfla ar mhullach ráfla; iarrann siad fís ar an bhfáidh; ach teipeann an dlí ar an sagart agus an chomhairle ar na sinsir.

Chuaigh Balám ar ais chuige agus b'shiúd é ansiúd é ina sheasamh ag a íobairt uileloiscthe agus taoisigh Mhóáb go léir ina thimpeall. Chuir Bálác ceist air: “Cad dúirt an Tiarna?”

óir bhí eagla ar Héaród roimh Eoin, ó bhí a fhios aige gur dhuine cóir naofa é, agus choinnigh sé slán é, agus nuair a chuala sé a chomhrá, bhí sé go mór trí chéile ach thug sé cluas dó go fonnmhar.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí