Chuir an físí fearg ar Ásá agus chuir an rí i ngeimhle i gcarcair é le barr feirge leis dá bharrsan; san am céanna thosaigh Ásá ar chos ar bolg a imirt ar chuid den phobal freisin.
agus abraigí: ‘Seo iad orduithe an rí: Cuirigí an duine seo i bpríosún agus ná tugaigí mar chothú dó ach arán agus uisce go bhfille mé ar ais slán folláin.’ ”
Ach, a Thiarna, tá fios a gcomhairlí uile agat, do mo mharú. Ná maith a n‑éigeart, ná scrios a bpeaca amach as do radharc. Coinnigh a léirmhilleadh i gconaí i d'aigne, nuair a thiocfaidh an lá a n‑agróidh tú d'fhearg orthu.
Ansin dúirt na feidhmeannaigh agus an pobal uile leis na sagairt agus na fáithe: “Ní cóir an fear seo a chur chun báis, óir labhair sé linn in ainm an Tiarna, ár nDia.”
Éist anois liom, iarraim d'achainí ort, mo thiarna an rí; go nglactar go fabhrach leis an impí a dhéanaim i do láthair. Ná hordaigh mé a bhreith ar ais go teach Iónátán rúnaí, ar fhaitíos go bhfaghainn bás ansin.”
Thóg siad Irimia mar sin agus theilg i dtobar an Phrionsa Mailciá é, a bhí i gCúirt an Gharda, á ligean síos le rópaí. Ní raibh uisce ar bith sa tobar, ach amháin láib, agus chuaigh Irimia faoi sa láib.
Sin é an fáth, féach, a bhfuilim ag cur fáithe chugaibh, agus eagnaíoch, agus scríobhaithe; déanfaidh sibh cuid acu a mharú agus a chéasadh, cuid acu a sciúrsáil in bhur sionagóga agus tóir a chur orthu ó chathair go cathair,
Le linn na cainte sin dó, duine de na póilíní a bhí ina sheasamh láimh leis, bhuail sé buille boise ar Íosa á rá: “An mar sin a fhreagraíonn tú an t‑ardsagart?”
“Thugamar ordú daingean daoibh,” ar seisean, “gan teagasc a dhéanamh in ainm an duine seo, ach féach, tá Iarúsailéim líonta de bhur dteagasc agaibh. Agus is áil libh bás an duine seo a leagan orainne.”
chuir siad fios ar na haspail agus tar éis dóibh iad a sciúrsáil agus foláireamh a thabhairt dóibh gan labhairt in ainm Íosa, scaoil siad chun siúil iad.
Ná bíodh eagla ort roimh a bhfuil le fulaingt agat. Feach! tá an diabhal ar tí cuid agaibh a chaitheamh i bpríosún d'fhonn sibh a phromhadh, agus beidh duainéis oraibh ar feadh deich lá. Bí dílis go bás, agus tabharfaidh mé duit coróin na beatha.