Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 37:12

An Bíobla Naofa 1981

gur thug Irimia aghaidh ó Iarúsailéim le dul go tír Bhiniáimin chun a shealúchas a dhealú ansin i measc a phobail féin.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Tháinig scéin air agus d'éirigh sé agus rith lena anam. Tháinig sé go Béar Seaba, a bhaineann le Iúdá, agus d'fhág sé a sheirbhíseach ansiúd.

Agus chuaigh sé isteach san uaimh ansiúd agus chaith an oíche ann. Agus tháinig briathar an Tiarna chuige á rá: “Cad tá tú a dhéanamh anseo, a Éilias?”

Húcoc lena thalamh féaraigh, agus Rachob lena thalamh féaraigh;

Ach d'fhreagair mé: “An dteithfeadh mo leithéidse? An rachadh fear de mo sheasamhsa isteach sa sanctoir lena anam a shabháil? Ní rachaidh mé!”

“Mo thrua,” a deirim, “gan sciatháin an choilm agam; d'eitleoinn liom faoi shuaimhneas.”

Briathra Irimia mac Hilciá, de chlann shagartúil i dtír Bhiniáimin.

Tharla, nuair a scoir slua na gCaildéach den léigear ar Iarúsailéim ar eagla shlua Fhorainn,

Má bhítear sa tóir oraibh i gcathair áirithe teithigí go cathair eile. Deirim libh go fírinneach, sula mbeidh cathracha Iosrael siúlta agaibh, beidh Mac an Duine tagtha.

agus seachnaígí gach aon sórt oilc.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí