Thug mé cuaird ar Sheamaiá mac Dhaláiá mac Mhahaetabael mar go raibh cosc air teacht chugam. Dúirt sé: “Buailimis le chéile i dTeampall Dé, i ndiamhra an tsanctóra; Dúnaimis doirse an tsanctóra, Óir tá siad ag teacht ar tí do mharaithe, Tá siad ag teacht ar tí do mharaithe anocht.”
agus thug mé scríbhinn an cheannaithe do Bharúch mac Néiria, mac Mhásaeiá, i radharc Hanamael, mo chol ceathrar, i radharc na bhfinnéithe a shínigh an scríbhinn cheannaithe agus na nGiúdach uile a tharla a bheith i gCúirt an Gharda san am.
Thóg siad Irimia mar sin agus theilg i dtobar an Phrionsa Mailciá é, a bhí i gCúirt an Gharda, á ligean síos le rópaí. Ní raibh uisce ar bith sa tobar, ach amháin láib, agus chuaigh Irimia faoi sa láib.
Féach, scaoilim thú inniu ó na slabhraí atá ar do láimh. Más maith leat teacht liom don Bhablóin, tair; tabharfaidh mise aire duit. Mura maith leat teacht liom don Bhablóin, is cuma. Féach, tá an tír uile romhat, cibé áit is maith leat dul, téirigh ann.
An searbhóntaí do Chríost iad? Tá saochan céille anois orm ní foláir - ach is mó ná sin mise, mar is mó go mór a shaothraigh mé ná iad; ba mhinice i gcarcair mé: fuaireas léasadh gan áireamh agus ba mhinic mé i mbaol an bháis.
Is mar gheall ar an dea-scéal sin atáimse ag fulaingt anró agus mé fiú amháin i ngéibheann ar nós an choirpigh. Níl aon ghéibheann ar bhriathar Dé, áfach.