Nuair a chuala Acháb na focail sin, stróic sé a chuid éadaigh agus chuir sacéadach lena chneas agus rinne sé troscadh; chodlaíodh sé sa sacéadach agus shiúladh sé de choiscéim mhall.
A Thiarna, tá do lámh tógtha in airde; ní fheiceann siad í. Feiceadh siad do dhúthracht i leith an phobail seo, is bíodh náire orthu; an tine a lasadh le haghaidh do naimhde, alpfaidh sí iad.
Tháinig reachtaire an pháláis Eiliácaím mac Hilcíá, Seabná an rúnaí agus Ióách mac Ásáf an callaire, tháinig siad ar ais i láthair Hiziciá agus a gcuid éadaigh stróicthe acu, agus d'inis dó ar dhúirt an tArdoifigeach.
A Thiarna, nach é mian do shúl an fhírinne? Bhuail tú iad, ach ní raibh doilíos orthu. Bhasc tú iad, ach níor ghlac siad ceartú. Rinne siad a n‑aighthe níos crua ná carraig. Dhiúltaigh siad aithrí a dhéanamh.
Nuair a chuala rí Nínivé an scéal, d'éirigh sé ina sheasamh óna ríchathaoir, bhain a fhallaing ríoga de, chuir sacéadach air féin agus shuigh síos sa luaithreach.
Éireoidh muintir Nínivé ina seasamh in am an bhreithiúnais leis an nglúin seo, agus daorfaidh siad í, óir rinne siad aithrí nuair a d'fhógair Ióna é, agus tá anseo neach is mó ná Ióna.