Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 36:22

An Bíobla Naofa 1981

Bhí an rí ina shuí ina sheomra geimhridh - ba é an naoú mí é - agus bhí tine ar lasadh ar an teallach os a chomhair.

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Dá bharrsan tháinig muintir Iúdá agus Bhiniáimin go léir le chéile in Iarúsailéim laistigh de thrí lá; ba é an naoú mí é, agus an fichiú lá den mhí. Chruinnigh an pobal go léir sa chearnóg os comhair Theampall an Tiarna. Bhí siad ar ballchrith de bharr na hócáide agus de bharr tulca báistí.

Ach fearacht bean a imíonn go fealltach óna leannán d'fheall teach Iosrael ormsa - is é an Tiarna a labhraíonn.’ ”

Tharla sa chúigiú bliain de Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá, sa naoú mí gur fógraíodh troscadh i bhfianaise an Tiarna don phobal uile in Iarúsailéim agus don phobal uile a thiocfadh go Iarúsailéim ó bhailte Iúdá.

Scriosfaidh mé idir theach geimhridh agus theach samhraidh, bascfar na tithe eabhair agus scartálfar mórán tithe, a deir an Tiarna.

Isteach le Éahúd chuige agus é ansiúd ina aonar ina shuí ina sheomra fionnuar uachtair. “Tá teachtaireacht ó Dhia agam duit, a rí,” arsa Éahúd. D'éirigh an rí ina sheasamh as a shuíochán.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí