Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 36:18

An Bíobla Naofa 1981

“Dheachtaigh Irimia dom iad lena bhéal,” d'fhreagair Barúch, “agus scríobh mise le dúch iad sa scrolla seo.”

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

“Tóg thusa scrolla agus scríobh ann na briathra uile dár labhair mise leat i dtaobh Iarúsailéim agus Iúdá agus an uile chine ón lá ar labhair mé i dtús leat go dtí inniu.

Ansin tháinig briathar an Tiarna go Irimia, tar éis don rí an scrolla a dhó agus na briathra a scríobh Barúch as béal Irimia:

Ansin thóg Irimia scrolla eile agus thug do Bharúch mac Néiria, scríobhaí, é, agus scríobh seisean síos ansin as béal Irimia briathra uile an scrolla a dhóigh Iahóiácaím rí Iúdá, i dteannta mórán briathar eile ar an dul céanna.

Chuir Irimia fios ar Bharúch mac Néiria, agus scríobh Barúch, ó bhéal Irimia, gach briathar a labhair an Tiarna leis.

An focal a labhair Irimia fáidh le Barúch mac Néiria nuair a scríobh seisean na briathra seo i leabhar ó bhéal Irimia sa cheathrú bliain de réimeas Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí