Nuair a chuala siad na briathra uile tháinig scanradh ar gach fear acu agus ar siad: “Go deimhin ní mór dúinn na briathra seo uile a insint don rí.”
Nuair a bhí a raibh i leabhar an dlí cloiste ag an rí stróic sé a chuid éadaigh.
Abair leis an rí agus leis an ríonmháthair: “Suígí in áit níos ísle, mar gur thit anuas díbh coróin bhur nglóire.”
I dtaobh na bhfáithe: Tá mo chroí istigh ionam briste, creathnaíonn mo chnámha uile; is cosúil le fear meisce mé; is cosúil le fear a chloígh fíon mé mar gheall ar an Tiarna agus a bhriathra naofa; tá an tír lán d'adhaltranaigh.
Thairis sin, ní raibh eagla orthu, níor réab siad a n‑éadaí, an rí ná aon duine dá mhuintir dár chuala na briathra seo uile.