Léigh sé briathra Irimia as an scrolla; tharla seo i seomra Ghamairiá mhic Sheáfán, rúnaí, sa chúirt ab airde ag dul an Geata Nua isteach i dTeampall an Tiarna, in éisteacht an phobail uile.
Níor scriosadh na hardionaid, áfach, agus bhí an pobal fós ag ofráil íobairtí agus túise ar na hardionaid. Eisean a thóg Geata Uachtarach Theampall an Tiarna.
Ansin chuaigh Eiliácaím mac Hilcíá, reachtaire an pháláis, agus Seabná, an rúnaí, agus Ióách mac Ásáf, an callaire, go Hiziciá agus a n‑éidí stróicthe, agus d'inis dó céard a dúirt an príomhchornaire.
Nuair a chuala feidhmeannaigh Iúdá é seo tháinig siad aníos ó phálás an rí go dtí Teampall an Tiarna agus shuigh síos i mbéal Gheata Nua Theampall an Tiarna.
Seachadadh an litir le cabhair Ealásá mac Sheáfán agus Ghamairiá mac Hilcíá a chuir Zidicíá rí Iúdá don Bhablóin go Nabúcadnazar rí na Bablóine. Mar seo a ghabh an litir:
Thug mé go Teampall an Tiarna iad, go seomra mhic Hánán, mac Igdiliá, óglach Dé, láimh le seomra na n‑oifigeach, os cionn seomra Mhásaeiá mhic Shealúm, coimeádaí an dorais.
ar an ábhar sin imigh thusa agus léigh as an scrolla a scríobh tú ó mo bhéalsa, briathra uile an Tiarna in éisteacht an phobail i dTeampall an Tiarna lá an troscaidh; léigh freisin iad in éisteacht mhuintir Iúdá uile a thagann as na bailte.
Ach is é Barúch mac Néiria a bhrostaíonn thú in ár n‑aghaidhne i gcónaí, dár dtabhairt i láimh na gCaildéach, le go gcuirfidís chun báis sinn, nó go mbéarfaidís ina láimh don Bhablóin sinn!”
Ghabh sé sa chathair coillteán a bhí i gceannas na saighdiúirí, seachtar de chomhairle an rí a fuarthas sa chathair, rúnaí cheann feadhna an airm a bhí i bhfeighil ar arm a thionól faoin tír, agus trí fichid de mhaithe na tíre a fuarthas sa chathair.