D'umhlaíomar do ghuth Iónádáb mhic Raecáb, ár sinsear san uile ní dár ordaigh sé dúinn; gan fíon a ól feadh ár mbeatha, sinn féin, ár mná, ár mic, ná ár n‑iníonacha,
Tugann an mac eagnaí [grá] do smacht a athar; ach ní éisteann fear na fonóide le ceartú.
Éist, a mhic, agus glac le mo bhriathra, agus mairfidh tú an céad.
A mhic, coinnigh aithne d'athar, agus ná tréig teagasc do mháthar.
A leanaí, bígí umhal do bhur dtuismitheoirí, sa Tiarna, mar is é an ceart é.
A leanaí, bígí umhal do bhur dtuismitheoirí i ngach ní mar is taitneamhach sin leis an Tiarna.