Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 35:7

An Bíobla Naofa 1981

Ní mó a thógfaidh sibh tithe; ní chuirfidh sibh síol, ní phlandóidh fíniúin ná ní shealbhóidh sibh áitreabh; ach déanfaidh sibh cónaí ar feadh bhur laethanta i mbothanna, ionas go mairfidh sibh i bhfad sa dúiche a mbeidh sibh in bhur n‑eachtrannaigh.’

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Nuair a d'fhás na buachaillí suas, rinne fiagaí oilte d'Éasau, fear tuaithe. Ba dhuine ciúin é Iacób, áfach agus, d'fhanadh sé sa bhaile sna bothanna.

Óir bhí an iomad maoine bailithe acu chun fanacht le chéile. Níorbh fhéidir don dúiche ina rabhadar ag lonnú ann iad araon a chothú le líonmhaire a dtréad.

Tabhair do d'athair agus do do mháthair onóir i dtreo go mba fada iad do laethanta ar an talamh a thug an Tiarna do Dhia duit.

ach cónaímid i mbothanna. D'umhlaíomar agus rinneamar de réir an uile ní dár ordaigh Iónádáb ár sinsear dúinn.

ná tithe a thógáil dúinn féin le cónaí iontu; ní mó mar atá fíniúin againn ná talamh curtha,

Agus ná bíodh meisce fíona oraibh mar níl ansin ach drabhlás, ach bígí lán den Spiorad,

A chairde cléibh, impím oraibh, mar choimhthígh agus mar dheoraithe, staonadh ó ainmhianta na colainne a bhíonn ag cogaíocht leis an anam.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí