Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 35:6

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt siadsan: “Ní ólaimidne fíon, óir d'ordaigh Iónádáb mac Raecáb ár sinsear dúinn: ‘Ní ólfaidh sibh fíon, sibh féin ná bhur mic go brách.

Féach an chaibidil Cóip

21 Tagairtí Cros  

Nuair a d'fhás na buachaillí suas, rinne fiagaí oilte d'Éasau, fear tuaithe. Ba dhuine ciúin é Iacób, áfach agus, d'fhanadh sé sa bhaile sna bothanna.

Óir bhí an iomad maoine bailithe acu chun fanacht le chéile. Níorbh fhéidir don dúiche ina rabhadar ag lonnú ann iad araon a chothú le líonmhaire a dtréad.

D'fhág sé an áit sin agus bhuail sé le Iahónádáb mac Raecáb a bhí ag teacht ina choinne. Bheannaigh sé dó agus dúirt leis: “An bhfuil do chroíse dílis do mo chroíse faoi mar atá mo chroíse do do chroíse?” “Tá,” d'fhreagair Iahónádáb. “Má tá,” arsa Iéahú, “tabhair dom do lámh.” Thug sé a lámh dó agus thóg Iéahú suas taobh leis é ina charbad.

Chuaigh Iéahú ansin isteach i dteampall Bhál le Iahónádáb mac Raecáb agus dúirt le lucht adhartha Bhál: “Cuardaigí agus déanaigí deimhin de nach bhfuil aon searbhónta leis an Tiarna anseo in bhur measc, ach lucht adhartha Bhál amháin.”

Nuair ba bheag é a líon, Ina ndeoraithe ann gan aird,

clann na scríobhaithe a bhí ag cur fúthu i Iabaez, na Tiorátaigh, Simeátaigh, Súcátaigh. Sin iad na Ceinigh a tháinig ó Hamat; a sliochtsan teaghlach Réacáb.

An uair ba thearc a líon, glac bheag díobh, ina gcoimhthígh sa tír,

Tabhair do d'athair agus do do mháthair onóir i dtreo go mba fada iad do laethanta ar an talamh a thug an Tiarna do Dhia duit.

ach cónaímid i mbothanna. D'umhlaíomar agus rinneamar de réir an uile ní dár ordaigh Iónádáb ár sinsear dúinn.

Comhlíonadh briathar Iónádáb mhic Raecáb nuair a d'ordaigh sé dá chlainn mhac gan fíon a ól; go dtí inniu féin ní ólann siad aon deor, ach umhlaíonn siad d'ordú a sinsir. Ach labhair mise libhse gan stad gan staonadh, ach níor éist sibh liom.

“Nuair a bhíonn sibh ag dul isteach i mBoth na Teagmhála, tú féin agus do chlann mhac mar aon leat, ná hólaigí fion ná braon crua, le heagla an bháis. Reacht síoraí é sin ag bhur sliocht ó ghlúin go glúin.

Óir beidh sé mór i láthair an Tiarna; fíon ná deoch láidir ní ólfaidh; agus beidh sé líonta den Spiorad Naomh fiú amháin ó bhroinn a mháthar,

A chairde cléibh, impím oraibh, mar choimhthígh agus mar dheoraithe, staonadh ó ainmhianta na colainne a bhíonn ag cogaíocht leis an anam.

Ná blaiseadh [sé] aon ní de thoradh na fíniúna, agus ná hóladh sé aon fhíon ná aon deoch chrua, agus ná hitheadh sé aon ní neamhghlan; déanadh sé de réir na n‑orduithe go léir a thug mé don bhean seo.”

Ach dúirt sé liom: ‘Gabhfaidh tú gin, féach, agus béarfaidh tú mac; ná hól aon fhíon ná aon deoch chrua, dá bhrí sin, agus ná hith aon ní neamhghlan, mar beidh an mac ina naizíreach do Dhia ó lá a shaolaithe go lá a bháis.’ ”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí