Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 35:5

An Bíobla Naofa 1981

Leag mé ansin os comhair fir chlann na Raecáibíoch soithí lán d'fhíon agus cupáin, agus dúirt mé leo. “Ólaigí deoch fíona.”

Féach an chaibidil Cóip

5 Tagairtí Cros  

Imigh leat, mar sin; ith do chuid aráin le háthas agus ól do chuid fíona le croí meidhreach, mar tá do ghníomhartha taitneamhach le Dia cheana féin.

“Imigh go clann na Raecáibíoch agus labhair leo; tabhair go Teampall an Tiarna iad, go ceann de na seomraí, agus tairg dóibh fíon le hól.”

Ach thug sibh ar na Naizírigh fíon a ól, agus d'ordaigh sibh do na fáithe: “Ná déanaigí tairngreacht.”

agus an rud a thagann ón margadh, ní itheann siad gan uisce a chroitheadh air, agus tá mórán nithe eile a choinníonn siad ó shinsearacht, cupaí a ní agus corcáin agus soithí práis -

Mar is chuige seo a scríobh mé chugaibh, chun sibh a thriail, féachaint an mbeadh sibh umhal i ngach ní.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí