Irimia 35:13An Bíobla Naofa 1981“Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: ‘Imigh agus inis do mhuintir Iúdá agus do áitritheoirí Iarúsailéim: Nach bhfaigheadh sibh teagasc agus éisteacht le mo bhriathrasa? Is é an Tiarna a labhraíonn. Féach an chaibidil |
Féachaigí chuige nach ndiúltóidh sibh éisteacht leis an té atá ag labhairt libh. Óir más rud é nár éalaigh na daoine sin slán a dhiúltaigh éisteacht leis an té a thug foláireamh dóibh ar talamh is lú go mór ná sin an chaoi éalaithe a bheidh againne má thugaimid ár gcúl leis an té a thugann foláireamh dúinn ó neamh.