Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 34:20

An Bíobla Naofa 1981

tabharfaidh mise iadsan i láimh a namhad agus i láimh na droinge a iarrann a mbás; beidh a gcorpáin mar bhia ag éanlaith an aeir agus ag ainmhithe na talún.

Féach an chaibidil Cóip

25 Tagairtí Cros  

Aon duine de mhuintir Iarobám a gheobhaidh bás sa chathair, íosfaidh na madraí iad; aon daoine díobh a gheobhaidh bás faoin tuath, alpfaidh éanlaith an aeir iad; mar tá labhartha ag an Tiarna.’

Aon daoine de mhuintir Bháiseá a gheobhaidh bás sa chathair, íosfaidh na madraí iad; aon daoine díobh a gheobhaidh bás faoin tuath, alpfaidh éanlaith an aeir iad.”

Thugadar mar an gcéanna corpáin do sheirbhíseach chun bheith ina mbia ag éanlaith an aeir agus feoil do chuid naomh d'ainmhithe allta na tíre.

Is mar seo a labhair an Tiarna in éadan mhuintir Anatót a iarrann mo bhás agus a bhagair orm: “Ná tairngir in ainm an Tiarna, nó éagfaidh tú faoinár lámha.”

Nó an cosúil m'oidhreacht le héan breac a mbeadh an éanlaith ag bailiú anuas uirthi ó gach taobh? Tagaigí, a bheithíocha allta, cruinnígí chun slogtha.

Éagfaidh siad de ghalra marfacha, ní chaoinfear iad agus ní adhlacfar iad, beidh siad mar aoileach spréite ar an talamh; marófar iad leis an gclaíomh agus le gorta, agus beidh a gcoirp ina mbia d'éanlaith an aeir agus do bheithígh na talún.

Mar gheall ar an áit seo, taoscfaidh mé dea-chomhairle as Iúdá agus Iarúsailéim; tabharfaidh mé orthu titim le claíomh a naimhde, le láimh na droinge a iarrann a mbás; tabharfaidh mé a gcoirp mar bhia d'éanlaith an aeir agus do bheithígh na talún.

Ina dhiaidh sin - an Tiarna a labhraíonn - tabharfaidh mé Zidicíá, rí Iúdá, lena sheirbhísigh agus an méid de mhuintir na cathrach seo a fágadh ón bplá, ón gclaíomh nó ón ngorta, i láimh a namhad agus i láimh na ndaoine a iarrann a mbás; buailfidh sé iad le faobhar an chlaímh, ní choigleoidh sé iad, ní mó a bheidh trua ná trócaire aige dóibh.’

Tabharfaidh mé thú i lámha na muintire a iarrann do bhás, i láimh an dreama a bhfuil eagla ort rompu, i láimh Nabúcadnazar rí na Bablóine, i láimh na gCaildéach.

Ansin mhionnaigh Zidicíá an rí mar seo faoi rún do Irimia: “Mar a mhaireann an Tiarna, a thug an t‑anam seo dúinn, ní chuirfidh mé chun báis thú, ná ní thabharfaidh mé thú i láimh na bhfear seo a iarrann do bhás.”

Mharaigh rí na Bablóine clann mhac Zidicíá i Ribleá os comhair a shúl; chuir rí na Bablóine maithe uile Iúdá freisin chun báis.

Agus tusa, céard tá ar intinn agat a dhéanamh? Bíodh go gcóiríonn tú thú féin faoi scarlóid, go maisíonn thú féin le hornáidí órga, go léiríonn do shúile le dathú, is go díomhaoin a dhéanann tú thú féin sciamhach. Tarcaisníonn d'aos grá thú, is é do bhás a shantaíonn siad.

Is mar seo a deir an Tiarna: Féach, tabharfaidh mé Forann Hofra rí na hÉigipte i láimh a namhad agus i láimh na droinge a iarrann a bhás, díreach mar a thug mé Zidicíá rí Iúdá i láimh Nabúcadnazar rí na Bablóine, a namhaid a d'iarr a bhás.’ ”

“Tabharfaidh mé ar na hÉalámaigh creathnú i láthair a naimhde i láthair na droinge a iarrann a mbás. Tabharfaidh mé olc anuas orthu, m'fhearg bhorb féin. Ruaigfidh mé iad le béal an chlaímh, go gcuirfidh mé deireadh leo.

beidh corpáin na ndaoine seo ina mbia ag éanlaith an aeir agus ag beithígh na talún, agus ní bheidh fear a ruaigthe ann.

Óir, seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tabharfaidh mé suas thú dóibhsean is gráin leat, dóibh siúd ar thug tú cúl leo le déistin.

Caithfidh mé amach san fhásach thú, tú féin agus éisc uile do shruthán; titfidh tú ar mhachaire lom, gan do chruinniú le chéile ná do chur sa talamh. Tabharfaidh mé mar bhia thú do bheithígh an mhachaire agus d'éanlaith an aeir,

Fágfaidh mé ansin ar an talamh thú, teilgfidh mé amach ar an mblár folamh thú, tabharfaidh mé ar an éanlaith tuirlingt ort agus ar bheithígh an domhain thú a alpadh.

Beidh do chonablach ina bhia ag éanlaith an aeir go léir agus ag ainmhithe na talún, gan aon duine ann chun iad a ruaigeadh.

Dúirt an Filistíneach le Dáiví: “Gabh anseo i leith chugam agus tabharfaidh mé d'fheoil d'éanlaith an aeir agus d'ainmhithe an mhachaire.”

Tabharfaidh an Tiarna isteach i mo láimh thú inniu agus leagfaidh mé ar lár thú; bainfidh mé an ceann díot; agus inniu féin tabharfaidh mé coirp shluaite na bhFilistíneach d'éanlaith an aeir agus d'ainmhithe an mhachaire, chun go mbeidh a fhios ag an domhan go léir go bhfuil Dia in Iosrael,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí