Tabharfaidh mé ar láimh duit taiscí faoi choim atá cnuasta i gcillíní rúin, chun go dtuige tú gur mise an Tiarna, Dia Iosrael atá ag glaoch ort i d'ainm.
Chuala tú agus chonaic tú sin go léir anois, nach bhfuil sé chomh maith agat é a admháil? Anois tá mé chun rudaí nua a fhoilsiú duit, rudaí folaithe nárbh eol duit,
Is mar seo ba cheart daoibh labhairt, gach uile dhuine lena chomharsa agus gach aon lena dheartháir: ‘Céard a d'fhreagair an Tiarna?’ nó ‘Céard a dúirt an Tiarna?’
chuig eaglais Dé i gCorant, chucu sin atá coisricthe in Íosa Críost agus a bhfuil glaoite ina naoimh orthu mar aon leis an uile dhuine a ghlaonn i ngach áit ar ainm ár dTiarna Íosa Críost, an té is Tiarna orainne agus orthusan:
An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena bhfuil á rá ag an Spiorad leis na heaglaisí: An té a bheireann bua tabharfaidh mé dó cuid den mhana folaigh; agus tabharfaidh mé dó cloch gheal agus ainm nua scríofa ar an gcloch, ainm nach fios d'aon duine ach don té a ghlacann é.”