Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 33:20

An Bíobla Naofa 1981

“Is mar seo a deir an Tiarna: ‘Dá bhféadfá mo chonradh lae a bhriseadh agus mo chonradh oíche ionas nach mbeadh lá ná oíche ina n‑am féin,

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Chuir Dia i bhfirmimint neimhe iad le taitneamh ar an talamh,

Fad a bheidh an talamh ann, ní rachaidh stad arís ar shíolchur ná ar fhómhar, ar fhuacht ná ar theas, ar shamhradh ná ar gheimhreadh, ar lá ná ar oíche.”

Shocraigh sé go brách iad; thug sé dlí dóibh nach rachaidh ar ceal.

ach ní bhainfidh mé mo bhuanghrá de go deo; ná ní rachaidh mé siar ar mo bhriathar.

Mairfidh a shliocht go brách; beidh a chathaoir mar an ngrian i m'fhianaise;

Óir na spéartha nua agus an talamh nua atá á gcruthú agam, díreach mar a bheidh siadsan buan i mo láthair, briathair an Tiarna, is amhlaidh a bheidh bhur gcine agus bhur n‑ainm buan chomh maith.

Tháinig briathar an Tiarna go Irimia.

Ní bheidh deireadh déanta, áfach. Nuair a bheidh siad i dtír a naimhde, ní thabharfaidh mé cúl leo ná ní bheidh an ghráin agam orthu i slí is go scriosfainn ar fad iad agus go mbrisfinn mo chonradh leo; óir is mise an Tiarna a nDia.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí