Is é an Tiarna féin mar sin a thabharfaidh comhartha daoibh. Seo, tá an ógbhean ag iompar agus ar tí mac a shaolú, agus tabharfaidh sí Ímeánuéil mar ainm air.
Feach, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - agus ardóidh mé do Dháiví beangán fíréanta; rialóidh sé ina rí go críonna, agus déanfaidh sé breithiúnas agus ceart sa talamh.
Óir is mar seo a deir an Tiarna: “Ní go mbeidh an seachtó bliain a deonaíodh don Bhablóin istigh, a thiocfaidh mé ar cuairt chugaibh agus a chomhlíonfaidh mé mo gheallúint daoibh, sibh a thabhairt ar ais don áit seo.
“Féach, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - agus síolchuirfidh mé teach Iosrael agus teach Iúdá le síol an duine agus le síol an bheithígh.
Óir is mar seo a deir an Tiarna: ‘Faoi mar a thug mé an t‑olc mór seo ar an bpobal seo, is mar sin a tabharfaidh mé orthu an uile mhaith dá ngeallaim dóibh.
Agus beidh Iarúsailéim ina cúis athais domsa, ina cúis maíte agus onóra i láthair a bhfuil de chiníocha ar talamh; nuair a chluinfidh siadsan an uile mhaith atá á dhéanamh agam tiocfaidh eagla agus uamhan orthu mar gheall ar an uile shéan agus síocháin a sholáthraím di.’
Sin é an fáth a dtréigfidh Dia iad go dtí go mbéarfar mac di siúd, a bhfuil tinneas clainne uirthi, ansin fillfidh iarmhar a bhráithre ar chlann Iosrael.
“Féach! Tá mo theachtaire á chur amach agam chun an bóthar a réiteach romham; agus an Tiarna atá á lorg agaibh, rachaidh sé isteach ina Theampall go tobann; agus aingeal an chonartha, a bhfuil sibh ag tnúth leis, tá sé ag teacht, a deir Tiarna na Slua.
Óir deirim libh, b'áil le mórán fáithe agus ríthe na nithe a fheiceáil a fheiceann sibhse agus ní fhaca siad iad, agus na nithe a chloisteáil a chluineann sibhse agus níor chuala siad iad.”
Agus chaith mé mé féin ag a chosa á adhradh. Ach ar sé liom: “Cuir uait! Is comhsheirbhíseach leatsa mé agus le do bhráithre a bhfuil fianaise Íosa acu. Déan Dia a adhradh. Óir is ionann spiorad na fáidheoireachta agus fianaise Íosa.”