Is mar seo a deir Tiarna na Slua: ‘San áit seo, san fhásach seo gan duine ná ainmhí agus ina bhailte uile, beidh tailte féaraigh arís, áit a gcuirfidh aoirí a dtréada ina luí.
Inis dom, a ghrá mo chroí, Cá gcuireann tú do thréad ar féarach, Cá gcuireann chun luí ó bhrothall an lae iad; i dtreo nach gcaithfinn gabháil ag cuardach trí thréada do chomharsana?
Tiocfaidh siad as bailte Iúdá, as na ceantair thart ar Iarúsailéim, as tír Bhiniáimin, as an Achréidh, as na sléibhte agus as an Neigib, ag tabhairt ofráil loiscthe agus íobairtí, tabhartas bia agus túise, agus íobairtí molta i dTeampall an Tiarna.
Tiocfaidh siad agus canfaidh ar mhullach Shíón; baileoidh siad in éineacht chun maitheasaí an Tiarna: cruithneacht agus ola agus fíon, caoirigh agus eallach; beidh a n‑anamacha mar a bheadh garraí uiscithe; ní dhéanfaidh siad brón níos mó.
Agus maidir le Iahóiácaím rí Iúdá, abair: ‘Is mar seo a deir an Tiarna: Dhóigh tú an scrolla seo, á rá: Cad chuige ar scríobh tú: Tiocfaidh rí na Bablóine go deimhin agus bánóidh sé an tír seo agus ní fhágfaidh duine ná ainmhí beo inti?
Ba chaoirigh ag fánaíocht mo phobalsa; chuir a dtréadaithe ar seachrán iad, d'fhág ar fán iad ar na sléibhte; d'imigh siad ó shliabh go cnoc ag ligean a mbáinseach féin i ndearmad.
Ansin déarfaidh tú: ‘A Thiarna, tá sé fógraithe agat féin go scriosfar an áit seo, nach ndéanfar cónaí arís ann, ag duine ná ag ainmhí, ach go mbeidh sé ina fhásach go brách.’
Déarfaidh siad: ‘An dúiche seo a creachadh is cuma í nó gairdín Éidin; agus na cathracha scriosta a bánaíodh agus a leagadh, tá siad daingean anois faoi líon mór daoine.’