Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 32:38

An Bíobla Naofa 1981

Ansin beidh siad ina bpobal agamsa agus beidh mise i mo Dhia acusan.

Féach an chaibidil Cóip

20 Tagairtí Cros  

Daingneoidh mé mo Chonradh idir mé agus tú, agus do shliocht i do dhiaidh, glúin ar ghlúin; beidh sé mar Chonradh síoraí mise a bheith i mo Dhia agatsa agus ag do shliocht i do dhiaidh.

De do phobal Iosrael rinne tú do phobal daingean féin go deo, agus is tusa, a Thiarna, atá ina Dhia acu feasta.

Is méanar don mhuintir arb amhlaidh dóibh; an mhuintir a bhfuil an Tiarna ina Dhia acu.

Ní bheidh siad ag sclábhaíocht in aisce ná ag saolú clainne chun a gcaillte, mar bunadh is ea iad a bhfuil beannacht ón Tiarna orthu, agus a sliocht ina ndiaidh.

Tabharfaidh mé croí dóibh le go n‑aithneoidh siad gur mise an Tiarna. Beidh siad ina bpobal agamsa agus beidh mise i mo Dhia acusan, óir fillfidh siad orm ó lán a gcroí.

Agus beidh sibhse in bhur bpobal agamsa, agus beidh mise i mo Dhia agaibhse.”

“Nuair a thiocfaidh an t‑am sin - a deir an Tiarna - beidh mise i mo Dhia ag clanna uile Iosrael: beidh siadsan ina bpobal agamsa.”

Ach is é seo an conradh a dhéanfaidh mé le teach Iosrael nuair a thiocfaidh na laethanta sin - an Tiarna a labhraíonn: Cuirfidh mé mo dhlí iontu istigh agus scríobhfaidh mé ina gcroí é. Beidh mé ansin i mo Dhia acu agus beidh siadsan ina bpobal agamsa.

ach cuimhneoidh mise ar an gconradh a rinne mé leat nuair a bhí tú óg, agus bunóidh mé conradh leat a mhairfidh go deo.

Cónóidh sibh sa tír a bhronn mé ar bhur n‑aithreacha; beidh sibh in bhur bpobal agam agus beidh mise i mo Dhia agaibh.

Beidh m'áit chónaithe ina gcuideachta; beidh mé i mo Dhia acusan agus beidh siadsan ina bpobal agamsa.

Tuigfidh muintir Iosrael gur mise a dTiarna Dia ón lá sin amach.

tuigfidh siad gur mise, an Tiarna, a nDia; óir chuir mé ar díbirt iad i measc na gciníocha agus ansin bhailigh mé le chéile iad ina dtír féin, gan aon duine fágtha i measc na gciníocha a thuilleadh.

Seolfaidh mé an trian seo tríd an tine; glanfaidh mé iad mar a ghlantar airgead; promhfaidh mé iad mar a phromhtar ór. Glaofaidh siad ar m'ainm agus tabharfaidh mé freagra orthu. Déarfaidh mé leo: ‘Is iad seo mo phobal’; agus déarfaidh siadsan: ‘Is é an Tiarna ar nDia.’ ”

agus i láthair an Tiarna do Dhia, san áit a thoghfaidh sé mar áitreabh dá ainm, ith deachú d'arbhair, do fhíona, d'ola, agus céadtorthaí do thána agus do thréada d'fhonn go bhfoghlaimeofá conas eagla an Tiarna do Dhia a bheith ort de shíor.

Ina ionad sin, áfach, is amhlaidh a bhí siad ag tnúth le tír níos fearr, is é sin le rá, le tír neamhaí. Sin é an fáth nár náir le Dia go dtabharfaidís a nDia air mar bhí cathair ullamh aige dóibh.

Agus seo é an conradh a dhéanfaidh mé le teaghlach Iosrael tar éis na laethanta sin, a deir an Tiarna: Cuirfidh mé mo dhlíthe isteach ina n‑aigne agus scríobhfaidh mé ar a gcroí iad agus beidh mise i mo Dhia acu agus beidh siadsan ina bpobal agamsa.

An té a bhéarfaidh bua, beidh na nithe seo mar oidhreacht aige, agus beidh mise i mo Dhia aige, agus beidh seisean ina mhac agam.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí