Bhí Manaise dhá bhliain déag d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé cúig bliana déag agus daichead i réim in Iarúsailéim. Heifzí Bá ab ainm dá mháthair.
Thug sé an tAiséará amach as Teampall an Tiarna, lasmuigh de Iarúsailéim, go Gleann Chidreon, agus dhóigh sé é i nGleann Chidreon, agus rinne luaithreach de agus chaith a chuid luaithrigh ar uaigheanna na cosmhuintire.
Ansin thóg sé chun siúil na déithe iasachta agus an t‑íol ó Theampall an Tiarna, agus na haltóirí go léir a thóg sé ar shliabh Theampall an Tiarna agus in Iarúsailéim, agus chaith amach as an gcathair iad.
Na príomhshagairt go léir, agus an pobal go léir chomh maith, bhí siad thar a bheith mídhílis, agus rinne siad aithris ar nósanna gránna na gciníocha, agus thruailligh siad Teampall an Tiarna a choisric sé in Iarúsailéim.
De bhrí gur thréig siad mise, gur thruailligh an áit seo, gur loisc túis inti do dhéithe eile nárbh aithnid dóibh féin, ná dá n‑aithreacha, ná do ríthe Iúdá riamh cheana. Líon siad an áit seo le fuil neamhchiontaigh.
Rinne d'aos grá uile dearmad díot, ní iarrann siad níos mó thú. Sea, bhuail mé le buille namhad thú, buille neamhthrócaireach (mar gheall ar mhéid do chiontachta agus ar iomadúlacht do pheacaí).
Anois, bhí intinn eile agaibh inniu agus rinne sibh an ceart i mo radharc, gach aon duine a fhógairt saoirse dá chomharsa; rinne sibh conradh i mo láthair sa Teampall a ghairtear i mo ainm.
Agus ansin teacht agus seasamh i mo láthair sa Teampall seo a ghairtear i m'ainm, agus a rá: Anois táimid slán sábháilte - sábháilte chun leanacht de dhéanamh na gráiniúlachta seo uile!
“Sea, rinne clann mhac Iúdá an rud nach dtaitníonn liom - an Tiarna a labhraíonn - chuireadar a ngráiniúlachtaí sa Teampall a ghairtear i m'ainmse, á thruailliú.
Thóg siad áit ard Thoifit i nGleann Bein Hionnom, do loscadh a gclann mhac agus a n‑iníonacha sa tine; rud nár ordaigh mise riamh ná níor tháinig i mo chroí.