Irimia 32:24An Bíobla Naofa 1981Féach, na mótaí ag teacht i ngar don chathair le haghaidh a gabhála! Tabharfaidh an claíomh, an gorta agus an phlá an chathair i láimh na gCaildéach. An rud a dúirt tú tá sé tagtha i gcrích anois, feiceann tú é. Féach an chaibidil |
“Dá bhrí sin, is mar seo a deir an Tiarna: ‘Níor umhlaigh sibh domsa, gach duine saoirse a fhógairt dá dheartháir agus dá chomharsa. Tá go maith mar sin - is é an Tiarna a labhraíonn - fógraímse daoibhse saoirse chun an chlaímh, na plá agus chun an ghorta; déanfaidh mé díol uafáis díbh don uile ríocht ar domhan.
Ach na rabhaidh agus na reachtanna ar chuir mé a gcúram ar mo sheirbhísigh, na fáithe, nár cuireadh i gcrích ar bhur n‑aithreacha iad? Dá thoradh sin rinne siad aithrí agus dúirt siad: Thug Tiarna na Slua íde orainn de dheasca ár mbealaí agus ár ngníomhartha faoi mar a bhí beartaithe aige a dhéanamh.’ ”