“An Tiarna, Dia neimhe [agus talún], thug sé mise amach ó theach m'athar agus ó thír mo chine, agus mhionnaigh dom á rá: ‘Do do shíolsa a thabharfaidh mé an tír seo’; seolfaidh seisean a aingeal romhat amach agus gheobhaidh tú bean do mo mhac sa tír sin.
Faoi dheireadh dúirt Iósaef lena dheartháireacha: “Táim i mbéal báis. Ach tiocfaidh Dia ag triall oraibh agus tabharfaidh sé suas sibh ón tír seo go dtí an tír a gheall sé faoi bhrí na mionn d'Abrahám, do Íosác, agus do Iacób.”
Thug tú arán ó neamh dóibh lena n‑ocras a shásamh. Agus thug tú na caisí uisce ón gcarraig dóibh dá dtart. D'ordaigh tú dóibh gabháil isteach, Agus seilbh a thógail ar an talamh A mhionnaigh tú a thabharfá dóibh.
Dá bhrí sin, nuair a thabharfaidh an Tiarna isteach tú i dtír na gCanánach, agus na Hiteach, agus na nAmórach, agus na Hiveach, agus na Iabúsach, an tír a mhionnaigh sé a thabharfadh sé do d'aithreacha, tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda, bíodh an tseirbhís seo agat an mhí seo.
agus chinn mé sibh a thabhairt amach as cruatan na hÉigipte agus isteach i dtír na gCanánach agus na Hiteach, na nAmórach agus na bPirizeach, na Hiveach agus na Iabúsach, i dtír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda.’
Tháinig mé anuas chun iad a fhuascailt as lámha na nÉigipteach agus chun iad a sheoladh as an tír sin isteach i dtír mhéith fhairsing, i dtír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda, i dtír na gCanánach agus na Hiteach, na nAmórach agus na bPirizeach, na Hiveach agus na Iabúsach.
le go gcomhlíonfar an mionn a thug mé do bhur n‑aithreacha, fearann a thabhairt dóibh le mil agus le bainne ina slaoda - mar atá sé inniu.” D'freagair mise: “Déanfaidh mé sin, a Thiarna.”
Mhionnaigh mé dóibh fosta san fhásach nach dtreoróinn iad isteach sa tír a cheap mé dóibh, an tír a bhfuil bainne agus mil ina slaoda inti agus a sháraíonn tíortha an domhain;
An lá sin mhionnaigh mé dóibh go dtabharfainn liom iad as tír na hÉigipte go tír a cheap mé féin dóibh, tír a bhfuil bainne agus mil ina slaoda inti, tír a sháraíonn tíortha an domhain.
‘Níor fhéad an Tiarna an mhuintir seo a thabhairt isteach sa tír a mhionnaigh sé a thabharfadh sé dóibh, agus dá bhrí sin rinne sé ár orthu san fhásach.’
Sin é an tír a fhágaim fúibh; téigí isteach agus gabhaigí seilbh ar an tír a mhionnaigh an Tiarna a thabharfadh sé do bhur n‑aithreacha, d'Abrahám, d'Iosác agus do Iacób agus dá sliocht dá n‑éis.’
“Nuair a thabharfaidh an Tiarna thú isteach sa tír a mhionnaigh sé do d'aithreacha, d'Abrahám, d'Íosác agus do Iacób a thabharfadh sé daoibh, mar aon le cathracha móra maithe nach tú a thóg,
Déan an chóir agus an mhaith i láthair an Tiarna i dtreo go rithfidh leat agus go rachaidh tú isteach agus seilbh a ghabháil ar an talamh fónta a mhionnaigh an Tiarna a thabharfaidh sé do d'aithreacha,
Tabharfaidh sé grá duit, beannacht duit agus méadóidh sé do líon. Cuirfidh sé a bheannacht ar thoradh do bhroinne agus ar thoradh do thalún - d'arbhar, do fhíon, agus d'ola, an bhreis ar do tháin bó agus ar do thréad caorach, sa tír a mhionnaigh sé do do shinsir a thabharfadh sé duit.
“Na haitheanta go léir a ordaím duit inniu, ní foláir duit iad a choimeád agus a chomhlíonadh, d'fhonn go mbeadh an bheatha agaibh agus go rachadh sibh i líonmhaire agus dul isteach agus seilbh a fháil ar an tír a mhionnaigh an Tiarna a thabharfadh sé do bhur n‑aithreacha.
Bíodh neart ionat agus misneach agat, mar an tír seo a mhionnaíos dá n‑aithreacha a thabharfainn dóibh, is tusa a chuirfidh é i seilbh an phobail seo mar oidhreacht.
Ar an gcaoi sin bhronn an Tiarna ar Iosrael an talamh go léir a mhionnaigh sé dá n‑aithreacha a thabharfadh sé dóibh; ghabhadar seilbh air agus chuireadar fúthu ann.