a chuireann téagracht i mbriathar mo shearbhónta, a chuireann bearta mo theachtaí i gcrích. Is mise a deir i dtaobh Iarúsailéim: “Bíodh cónaí inti!” agus faoi bhailte Iúdá: “Tógtar iad arís!” agus a dhéanann na ballóga sin a atógáil.
Seo mar a deir an Tiarna: Tabharfaidh mé ar ais anois both an Tiarna, agus déanfaidh mé trua dá áiteanna cónaithe; tógfar an chathair arís ar a carn féin, atógfar an daingean ar a láithreán.
Tiocfaidh siad agus canfaidh ar mhullach Shíón; baileoidh siad in éineacht chun maitheasaí an Tiarna: cruithneacht agus ola agus fíon, caoirigh agus eallach; beidh a n‑anamacha mar a bheadh garraí uiscithe; ní dhéanfaidh siad brón níos mó.
‘Tóg na scríbhinní seo, an scríbhinn cheannaithe atá séalaithe mar aon lena cóip oscailte, agus cuir i soitheach cré iad, ionas go maire siad seal fada.”
Ach dúirt tú féin liomsa, a Thiarna Dia: Ceannaigh an garraí ar airgead i láthair finnéithe; agus anois féin tá an chathair á tabhairt i láimh na gCaildéach.’
Cruinneoidh mise iad as na tíortha uile inar dhíbir mé iad i m'fhearg, i m'fhraoch agus i mo chuthach mór. Tabharfaidh mé ar ais don áit seo iad agus tabharfaidh mé orthu cónaí go sábháilte.
Cuirfidh siad fúthu ann le muinín, tógfaidh siad tithe cónaithe, cuirfidh síos fíonghoirt; cuirfidh siad fúthu ann le muinín. Nuair a ghearrfaidh mé breithiúnas ar na comharsana tarcaisneacha uile, tuigfidh siad gur mise an Tiarna, a nDia.”
An lá sin, a deir Tiarna na Slua, tabharfaidh gach duine agaibh cuireadh dá chomharsa teacht agus suí síos faoina fhíniúin agus faoina chrann fígí féin.’ ”