Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 32:12

An Bíobla Naofa 1981

agus thug mé scríbhinn an cheannaithe do Bharúch mac Néiria, mac Mhásaeiá, i radharc Hanamael, mo chol ceathrar, i radharc na bhfinnéithe a shínigh an scríbhinn cheannaithe agus na nGiúdach uile a tharla a bheith i gCúirt an Gharda san am.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Ina láthair siúd thug mé na treoracha seo a leanas do Bharúch:

“Tar éis dom an scríbhinn cheannaithe a thabhairt do Bharúch mac Néiria ghuigh mé an Tiarna mar seo:

D'ordaigh an rí don phrionsa Iaramael agus do Sharáiá mac Aisriéil agus do Shealaimiá mac Aibdeal, Barúch an scríobhaí agus an fáidh Irimia a ghabháil. Ach d'fholaigh an Tiarna iad.

Ansin thóg Irimia scrolla eile agus thug do Bharúch mac Néiria, scríobhaí, é, agus scríobh seisean síos ansin as béal Irimia briathra uile an scrolla a dhóigh Iahóiácaím rí Iúdá, i dteannta mórán briathar eile ar an dul céanna.

Seo mar a d'ordaigh Irimia fáidh do Sharáiá mac Mhásaeiá nuair a d'imigh seisean don Bhablóin ar ordú Zidicíá rí Iúdá sa cheathrú bliain dá réimeas.

Mar is é ár n‑aidhm an rud ceart a dhéanamh ní amháin i bhfianaise an Tiarna ach i bhfianaise daoine chomh maith.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí