Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 31:40

An Bíobla Naofa 1981

Agus an gleann frí chéile, gona chorpáin is a luaithreach, agus na goirt uile cois sruth Chidreon soir chomh fada le coirnéal Gheata na nEach, beidh sin coisricthe don Tiarna. Ní scriosfar arís é ná ní mhillfear arís é go deo.”

Féach an chaibidil Cóip

23 Tagairtí Cros  

Rinne an tuath go léir caoineadh agus olagón agus na daoine ag gabháil thar bráid. Sheas an rí i nGleann Chidreon agus mháirseáil na daoine go léir thairis i dtreo an fhásaigh.

Rug siad uirthi agus ar shroicheadh an pháláis di, trí Gheata na gCapall, is ann a cuireadh chun báis í.

Na haltóirí ar an díon (ar sheomra uachtair Áchaz) a rinne ríthe Iúdá, agus na haltóirí a thóg an rí Manaise i dhá chúirt Theampall an Tiarna, leag an rí anuas iad agus rinne smidiríní díobh ar an láthair agus chaith a luaithreach isteach i nGleann Chidreon.

Thug sé an tAiséará amach as Teampall an Tiarna, lasmuigh de Iarúsailéim, go Gleann Chidreon, agus dhóigh sé é i nGleann Chidreon, agus rinne luaithreach de agus chaith a chuid luaithrigh ar uaigheanna na cosmhuintire.

Rug siad uirthi agus ar shroicheadh an pháláis di, i mbéal Gheata na gCapall, cuireadh chun báis ansiúd í.

Ó Gheata na nEach amach rinne na sagairt deisiú, gach duine acu ar aghaidh a thí féin.

Mar a chualamar, is amhlaidh a chonaiceamar i gcathair ár nDé; i gcathair Thiarna na slua a dhaingnigh Dia go deo.

seo mar a deir Dia do Thiarna, do Dhiasa agus curadh cosanta do mhuintire: Seo, tá mé á thógáil as do láimh, an cupán sin an mhearbhaill; corn mo chuid feirge, ní ólfaidh tú as níos mó.

a réabadh aníos agus a leagan síos, a mhilleadh agus a scriosadh, a thógáil agus a phlandú.”

Uaireanta ordaím i dtaobh cine, nó ríochta, a dtarraingt aníos, a leagan, a scriosadh;

“Ach anois, agus ar an ábhar céanna sin, is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael, i dtaobh na cathrach seo faoina n‑abrann tusa go dtabharfaidh an claíomh, an gorta, agus an phlá i láimh rí na Bablóine í:

Déanfar iad a spré i bhfianaise na gréine, na gealaí, agus slua neimhe uile, a b'ionúin leo agus dá ndearna siad fónamh, a lean siad, a n‑iarr siad comhairle orthu, agus a d'adhar siad. Ní chruinneofar ná ní adhlacfar arís iad ach beidh siad chun aoiligh ar chraiceann na talún.

Sheol sé thart mé ina measc; agus féach, bhí na múrtha acu ar an talamh ó cheann ceann an ghleanna, agus iad an-seargtha.

Cuirfidh siad fúthu mar ar chuir bhur n‑aithreacha fúthu, sa tír a thug mé do mo sheirbhíseach, Iacób. Cónóidh siad ansin go brách, iad féin, a gclann agus clann a gclainne. Beidh mo sheirbhíseach, Dáiví, ina rí orthu go brách.

Ní iompóidh mé m'aghaidh uathu arís nuair a dhoirtfidh mé mo spiorad amach ar mhuintir Iosrael - an Tiarna Dia a labhraíonn.”

Imlíne na cathrach ocht míle dhéag banlámh agus ainm na cathrach as seo amach: ‘Tá an Tiarna inti.’ ”

Ní dhéanfar scrios uirthi níos mó agus beidh daoine ina gcónaí in Iarúsailéim faoi shíocháin.

Ar an lá sin, beidh “Coisricthe don Tiarna” greanta ar chloig na gcapall; agus beidh na potaí cócaireachta atá i dTeampall an Tiarna ar aon chéim leis na babhlaí croite atá os comhair na haltóra.

Ar rá na bhfocal sin dó chuaigh Íosa amach, mar aon lena dheisceabail, thar chaise Chidreon. Bhí gairdín ansiúd agus chuaigh sé isteach ann, é féin agus a dheisceabail.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí