Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 31:36

An Bíobla Naofa 1981

“Dá n‑imeodh na reachta daingne seo as mo radharc - an Tiarna a labhraíonn - ar an uair sin amháin is ea a chuirfinnse síolra Iosrael ó bheith ina chine i m'fhianaise go brách.

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

An eol duit reachta na spéire? An féidir duit a réim a shuíomh ar talamh?

ach bíonn tusa gan claochlú gan críoch le do laethanta.

Maireann do bhriathar go brách, a Thiarna, chomh daingean le neamh.

Shocraigh sé go brách iad; thug sé dlí dóibh nach rachaidh ar ceal.

Go moltar a ainm go brách, fad a bheidh an ghrian ann. Is tríd a bheannófar gach treibh; beidh gach cine á mholadh.

Go maire sé mar an ghrian agus an ghealach; ó aois go haois;

Tabharfaidh mé sliocht ar Iacób agus oidhrí air Iúdá a mbeidh seilbh acu ar mo shléibhte. Beidh siad mar oidhreacht acu siúd atá tofa agam, agus mar áit chónaithe ag mo sheirbhísigh.

Ná bíodh eagla ort, a shearbhónta liom, a Iacóib, - an Tiarna a labhraíonn - óir táimse leat. Cuirfidh mé deireadh leis na ciníocha uile mar ar scaip mé thú. Ní chuirfidh mé deireadh leatsa, ach smachtóidh mé thú go measartha, le nach bhfágfaidh mé ar fad gan pianadh thú.”

“Ba chóir dom iad a scaipeadh i gcéin,” a déarfainn “agus iad a scrios ó chuimhne daoine,”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí