Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 31:32

An Bíobla Naofa 1981

ní ar nós an chonartha a rinne mé lena n‑aithreacha an lá ar ghlac mé ar láimh iad á dtabhairt amach as críoch na hÉigipte. Bhriseadar an conradh sin orm, gur thaispeáin mé dóibh cérbh é an máistir - an Tiarna a labhraíonn.

Féach an chaibidil Cóip

43 Tagairtí Cros  

Ní raibh rud ar bith san áirc ach an dá thábla chloiche a chuir Maois inti i Horaeb, táblaí an chonartha a rinne an Tiarna le clann Iosrael nuair a tháinig siad amach as tír na hÉigipte.

Mar sin féin bím i d'fhochair de shíor agus beireann tú ar dheasláimh orm.

óir ní raibh siad dílis ó chroí dó ná ní dhearna siad a chonradh a chomhlíonadh.

Uime sin má ghéilleann sibh do mo ghlór agus cloí le mo chonradh beidh sibhse, thar na ciníocha go léir, i mo sheilbhse ar leithrigh, óir is liomsa an domhan ar fad.

Is luath atá siad imithe i leataobh ón mbealach a d'ordaigh mé dóibh; rinneadar lao de mhiotal leáite dóibh féin agus d'adhradar é agus rinneadar íobairt dó, agus liúdar: ‘Seo é do dhia, a Iosrael, a thug thú amach as tír na hÉigipte.’ ”

Cé hí seo aníos ón bhfásach ar ghualainn a grá? Faoin gcrann úll a mhúscail mé thú; is ann a rug do mháthair thú, is ann a bhí do bhuime in íona.

Tá an talamh truaillithe faoi chosa a cuid áitreabhach, óir sháraigh siad na dlíthe, bhris na reachtanna, choill an conradh síoraí.

Óir mise, an Tiarna, do Dhia, tá greim agam ar do láimh dheas; deirim leat: “Ná bíodh eagla ort, táimse ag teacht i gcabhair ort.”

Óir do Chruthaitheoir, is é is céile duit, agus Tiarna na Slua is ainm dó; Neach Naofa Iosrael, is é do shlánaitheoir é, ar a dtugtar Dia an domhain uile.

Abair leo: Is mar seo a deir an Tiarna Dia Iosrael: Gura mallaithe an té nach n‑éisteann briathra an chonartha seo

a d'ordaigh mé do bhur n‑aithreacha nuair a thug mé ón bhfoirnéis iarainn iad, as críoch na hÉigipte. Umhlaígí do mo ghlóir, dúirt mise leo, déanaigí an uile ní a ordóidh mise daoibh, is ansin a bheidh sibhse in bhur bpobal agamsa agus beidh mise i mo Dhia agaibh,

“Imigh agus fógair é seo in éisteacht Iarúsailéim: Seo mar a deir an Tiarna: ‘Cuimhním ar dhíograis d'óige, do ghean brídeoige an t‑am ar shiúil tú i mo dhiaidh san fhásach, i bhfearann nár cuireadh.

Is é an freagra a thabharfar: Mar thréig siad conradh an Tiarna a nDia chun déithe eile a adhradh agus fónamh a dhéanamh dóibh.’

“Filligí a chlann mhídhílis - is é an Tiarna a labhraíonn - óir is mise amháin bhur máistir. Glacfaidh mé duine as cathair, beirt as clann agus tabharfaidh mé sibh go Síón.

“Nuair a thiocfaidh an t‑am sin - a deir an Tiarna - beidh mise i mo Dhia ag clanna uile Iosrael: beidh siadsan ina bpobal agamsa.”

“Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Rinne mé conradh le bhur n‑aithreacha nuair a thug mé amach as an Éigipt iad, as teach na daoirse; dúradh ann:

I gceann seacht mbliana ligeadh gach aon duine agaibh dá dheartháir Eabhrach, a díoladh libh, imeacht; tar éis sé bliana dó ina sclábhaí agat ligfidh tú dó imeacht saor uait. Ach níor éist bhur n‑aithreacha, ní thabharfaidís aird.

Ar ghabháil tharat arís dom d'amharc mé ort. Bhí tú aibí chun grá; leath mé beann mo chlóca ort agus chlúdaigh do tharnochtacht: sea, thug mé mionn duit, chuaigh mé i gconradh leat - an Tiarna Dia a labhraíonn - agus ba liomsa thú.

Tabharfaidh mé oraibh siúl faoi mo shlat; tabharfaidh mé sibh faoi chuing an chonartha.

Oholá ab ainm don sinsear agus Ohoilíbeá dá deirfiúr. Ba liomsa iad agus rug siad mic agus iníonacha. I dtaobh a n‑ainmneacha de ba í an tSamáir Oholá agus Iarúsailéim Ohoilíbeá.

Nuair a bhí Iosrael ina naíonán, bhí grá agam dó, agus ghlaoigh mé mo mhac as an Éigipt.

Baileofar clann Iúdá agus clann Iosrael le chéile agus ceapfaidh siad aon cheann urra amháin dóibh féin agus tiocfaidh siad i seilbh na tíre arís, óir is lá mór a bheidh ann lá Izréil.

“Imigh leat arís,” arsa an Tiarna liom, “tabhair grá do bhanadhaltrach a ghránn fear eile, faoi mar a thugann an Tiarna grá do chlann Iosrael, cé go n‑iompaíonn siad chun déithe eile agus go bhfuil dúil acu i gcístí rísíní.”

má dhiúltaíonn sibh do mo dhlíthe agus más beag oraibh mo reachtanna, agus má bhriseann sibh mo chonradh trí fhaillí a dheanamh i m'aitheanta,

Rug sé ar láimh ar an dall agus sheol as an mbaile é, chaith sé seile ar a shúile agus ar leagan a lámh air d'fhiafraigh de: “An bhfeiceann tú aon ní?”

An té a bhfuil an nuachair aige, sin é an céile; ach cara an chéile, atá ina sheasamh ag éisteacht leis, tagann racht áthais air de bharr guth an chéile. An t‑áthas mar sin atá ormsa, tá sé iomlán.

Rug an ceannasaí ar láimh ar an ngasúr, chuaigh i leataobh leis agus d'fhiafraigh de: “Cén scéal atá agat le hinsint dom?”

Táim ag éad libh mar a bheadh Dia féin, mar tá sibh luaite agam le Críost mar a bheadh maighdean gheanmnaí á tabhairt dá haon fhear céile.

Fuair tú radharc air leis san fhásach; conas mar a d'iompair an Tiarna Dia thú, faoi mar a dhéanfadh athair a mhac, an bealach go léir a ghabh sibh go dtí gur bhain sibh amach an áit seo.”

Sin iad briathra an chonartha a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois a dhéanamh le clann Iosrael i dtír Mhóáb i dteannta an chonartha a rinne sé leo ag Horaeb.

Scarfaidh an Tiarna ó threibheanna Iosrael go léir é le haghaidh drochíde de réir mhallachtaí an chonartha atá scríofa i leabhar an dlí seo.

Déarfaidh na ciníocha go léir de liú: ‘Cén fáth ar thug an Tiarna an íde seo ar an tír? Cad is ciall le mórbhruth seo a fheirge?’

Dúirt an Tiarna le Maois: “Is gearr go gcodlóidh tú le d'aithreacha. Ansin éireoidh an pobal seo agus rachaidh siad le striapachas ar thóir déithe deoranta na tíre ina bhfuil siad le cur fúthu ina measc. Tréigfidh siad mé agus brisfidh siad an conradh seo a rinne mé leo.

Óir nuair a bheidh siad seolta isteach agam sa tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda, an tír a mhionnaigh mé a thabharfainn dá n‑aithreacha, agus go n‑íosfaidh siad agus go mbíonn a mbolg lán, agus blonag orthu, iompóidh siad chun déithe eile agus déanfaidh siad seirbhís dóibh, agus beidh drochmheas acu ormsa agus brisfidh siad mo chonradh.

Rinne an Tiarna ár nDia conradh linn ar Shliabh Horaeb.

Ní lenár n‑aithreacha a rinne an Tiarna an conradh seo, ach linne, sinne atá anseo beo gach duine againn anseo inniu.

Ní bheidh sé cosúil leis an gconradh a rinne mé lena sinsir an lá úd ar rug mé ar láimh orthu chun iad a sheoladh amach as tír na hÉigipte. Ach ní raibh siad dílis don chonradh a rinne mé leo agus mar sin de thréig mé iad, a deir an Tiarna.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí