“Sna laethanta sin ní abróidh daoine níos mó: ‘D'ith na haithreacha caora searbha; agus cuireadh déistin ar fhiacla na clainne.’
Deir sibh: “Déanann Dia pionós an duine a chur i dtaisce dá chlann.” Déanadh sé díoltas air féin - d'fhonn go mbeadh a fhios aige!
“Ach éagfaidh gach duine ar son a pheaca féin. Gach duine a itheann caora searbha, is ar a fhiacla féin a bheidh déistin.”
Pheacaigh ár n‑aithreacha; ach níl siadsan ann níos mó; is orainne a agraítear a gcionta.
Ná cuirtear aithreacha chun báis thar ceann a mac, ná mic thar ceann a n‑aithreacha. Cuirtear gach duine chun báis ar son a choire féin.