Agus uaidhsean: Dhúisigh mé agus bhí [athbheocht] ionam, agus ba shámh é mo chodladh.
Ansin dhúisigh Iacób as a chodladh agus dúirt: “Tá an Tiarna san áit seo, tá sin, agus ní raibh a fhios agam é.”
Is díomhaoin daoibh éirí roimh an solas, agus bheith ag airneán go déanach, sibhse a itheann arán an tsaothair; óir is fial le pobal a pháirte é agus iad ina gcodladh.
Feicfidh mise, áfach, do aghaidh i bhfíréantacht, agus ag dúiseacht dom sásófar mé le radharc do ghnúise.
Ní bheidh eagla ort i do shuí duit, agus beidh do chodladh go sámh i do luí duit.