Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 31:21

An Bíobla Naofa 1981

Cuir suas duit féin comharthaí bóthair, ardaigh clocha críche; tabhair suntas maith don tslí, an tslí ar imigh tú. Tar abhaile, a mhaighdean Iosrael, tar abhaile go dtí na bailte seo is leatsa.

Féach an chaibidil Cóip

23 Tagairtí Cros  

Agus ina theanntasan, de bhreis ar gach ar sholáthraigh mé don teach naofa, tá ciste de mo chuid féin agam d'ór agus d'airgead, agus, de bharr mo dhúthrachta do theach mo Dhé, tabharfaidh mé é do theach mo Dhé -

Baill de threibheanna Iosrael, daoine a bhí tíolactha ar fad do sheirbhís an Tiarna Dia Iosrael, lean siad iad agus tháinig siad go Iarúsailéim le híobairt a dhéanamh don Tiarna, Dia a sinsear.

Tháinig scéin ar Iahóiseáfát agus chinn sé dul i muinín an Tiarna; d'fhógair sé troscadh ar Iúdá ar fad.

Níl san Ádhamhchlann ach puth anála, níl sna huaisle ach bréag; nuair a dhéantar a meá is éadroime iad uile ná an phuth anála féin.

Is méanar dá ndéanann cónaí i do theach; beidh siad do do mholadh de shíor.

Rinne mé mo mhachnamh agus mé ag breathnú air agus d'fhoghlaim mé an ceacht seo ón radharc:

Amach libh as an mBablóin! Greadaigí chun siúil ó na Caildéigh! Le gártha áthais foilsigí, fógraígí an scéala; craolaigí é go críocha na talún. Abraigí: Tá an Tiarna tar éis a ghiolla Iacób a fhuascailt!

Agus cloisfear glór á rá: Tógaigí suas tóchar agus réitigí an bealach, glanaigí gach constaic as cosán mo mhuintire

Amach libh, amach trí na geataí! Réitigí bealach do mo mhuintir! Tógaigí tóchar, tógaigí suas é; glanaigí na carraigeacha ar shiúl! Ardaigí an comhartha le haghaidh na gciníocha!

Éirigh, mar sin, agus fógair na briathra seo leis an taobh ó thuaidh: Fill, a Iosrael mhídhílis - is é an Tiarna a labhraíonn. Ní bheidh strainc orm leat feasta, óir táim trócaireach - is é an Tiarna a labhraíonn. Ní choinneoidh mé mo racht go síoraí.

“Filligí a chlann mhídhílis - is é an Tiarna a labhraíonn - óir is mise amháin bhur máistir. Glacfaidh mé duine as cathair, beirt as clann agus tabharfaidh mé sibh go Síón.

Tógfaidh mé thú an athuair agus atógfar thú, a mhaighdean Iosrael. Beidh tú sciamhach arís, agus déanfaidh tú meidhir sa rince le do chuid tiompán.

Éirigh suas go Gileád ar lorg íoca, a mhaighdean, a iníon na hÉigipte! Is go díomhaoin a ghlacann tú mórán oideas; níl leigheas i ndán duit.

Iarrfaidh siad an tslí go Síón; beidh a n‑aighthe sa treo sin: ‘Tagaigí,’ ar siad, ‘ceanglaímis sinn féin don Tiarna i gconradh síothbhuan nach ligfear i ndearmad go brách!’

Sibhse a chuaigh slán ón gclaíomh, imígí romhaibh, ná fanaigí ansin. Cuimhnígí ar an Tiarna san imigéin, agus tagadh Iarúsailéim in bhur n‑intinn.

Téigí amach as an mBablóin (sábháileadh an uile dhuine a anam); ná cailltear sibh féin ina tubaiste, óir is í seo uair dhíoltas an Tiarna. Tá sé ag cúiteamh a luaíochta léi.

Is mar seo a deir an Tiarna: “Seasaigí i mbealaí an tseansaoil cuirigí tuairisc na seanchasán cé acu ab ea an tslí mhaith? Siúlaigí inti ansin agus gheobhaidh sibh suaimhneas. Ach dúirt siadsan: ‘Ní shiúlfaimid inti.’

Dúirt an fear liom: “A mhic an duine, féach go grinn, éist go haireach agus leag d'intinn ar a dtaispeánfaidh mé duit. Óir is chun go dtaispeánfainn duit é a tugadh anseo thú. Foilsigh a bhfeiceann tú do mhuintir Iosrael.”

Dá bhrí sin labhraíonn Tiarna na Slua mar a leanas: “Déanaigí machnamh ar conas mar a d'éirigh libh.

Cuirfidh mé mar shíol iad i measc na náisiún; ach cuimhneoidh siad orm i dtíortha atá i bhfad i gcéin. Tógfaidh siad a gclann iontu agus fillfidh siadsan ar ais.

dúirt sé leo: “Gabhaigí chugaibh i gcochall bhur gcroí na briathra go léir a d'aithin mé daoibh inniu; ní foláir daoibh a ordú do bhur gclann briathra uile an dlí seo a choimeád le barr cúraim.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí