Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 31:20

An Bíobla Naofa 1981

An ionúin liom mo mhac Eafráim an méid sin? An bhfuil mé chomh doirte sin air mar leanbh, nach bhfuil uair dá mbagraím air nach ag cuimhneamh air a bhím, nach formhothaithe mé i gcónaí ar a shon, go ligim do mo ghrámhaireacht a bheith ag tnúthán ina dhiaidh? Is é an Tiarna a labhraíonn.

Féach an chaibidil Cóip

27 Tagairtí Cros  

Ansin amach le Iósaef láithreach mar gur tháinig tocht ar a chroí nuair a chonaic sé a dheartháir, agus bhí na deora ag bagairt air. Isteach leis ina sheomra agus ghoil sé ansiúd.

Ansin, an bhean ar léi an leanbh beo, labhair sí leis an rí mar bhí a croí á shnoí inti le trua dá mac: “Tabhair di an leanbh beo, le do thoil, a thiarna,” ar sí, “agus ná déan é a mharú ar aon chor.” Ach dúirt an bhean eile: “Ná bíodh sé agamsa ná agatsa, ach roinn é.”

Amhail is trua leis an athair a chlann, is trua leis an Tiarna lucht a eaglaithe.

Óir ceartaíonn an Tiarna an té dá dtugann sé grá, faoi mar a dhéanann athair lena mhuirnín mic.

Shín mo ghrá a lámh isteach i bpoll na heochrach; chorraigh mo chroí i mo chléibh.

Dá bharr sin, ar son Mhóáb tá mo chliabh mar chláirseach ar crith, agus mo chroí istigh ar son Chír Harasait.

Ach tá an Tiarna ag fanacht le hionú an mhaithiúnais, is ar an ábhar sin a éiríonn sé agus a ghlacann trua daoibh; óir Dia cóir is ea an Tiarna, is méanar don dream a bhfuil a súil leis.

Fágadh an coirpeach a dhrochnós agus fear na hurchóide a bhearta. Filleadh sé ar an Tiarna, a ghlacfaidh trua dó, agus ar ár nDia, atá fial faoi mhaithiúnas.

Breathnaigh anuas ó na flaithis agus féach, ó arda na naofachta agus na glóire mar a bhfuil do chónaí. Cá bhfuil do dhíbheirg agus do ghaisce, do theasghrá agus do thrócaire chugainn? Ná seas i leataobh uainn

Éirigh, mar sin, agus fógair na briathra seo leis an taobh ó thuaidh: Fill, a Iosrael mhídhílis - is é an Tiarna a labhraíonn. Ní bheidh strainc orm leat feasta, óir táim trócaireach - is é an Tiarna a labhraíonn. Ní choinneoidh mé mo racht go síoraí.

Agus bhí mé ag ceapadh: Cé mar ba mhaith liom thusa a áireamh ar mo chlann mhac, agus go dtabharfainn duit dúiche aoibhinn, an oidhreacht is deise ar na ciníocha uile. Cheap mé go dtabharfása orm: rí Athair liom, agus nach n‑imeofá go deo ó mo lorg.

Is le gol a d'imigh siad, tabharfaidh mise sólás dóibh agus mé á dtreorú ar ais; déanfaidh mé eolas an bhóthair dóibh go srutháin uisce, slí dhíreach in áit nach bhfaighidh siad tuisle. Óir táim i m'athair ag Iosrael, agus is é Eafráim mo chéadghin mic.

más ea, teilgim uaim sliocht Iacóib agus Dháiví mo shearbhónta agus ní thoghfaidh mé aon rialtóir dá shliocht le bheith ina rí ar oidhrí Abrahám, Íosác agus Iacóib! Óir cuirfidh mé an rath arís orthu agus glacfaidh mé trua dóibh.’ ”

Sin é an fáth a bhfuaimníonn mo chroí ar nós píobáin ar son Mhóáb, a bhfuaimníonn sé ar nós píbe ar son muintir Chír Heireas: de bhrí go ndeachaigh an saibhreas mór sin amú.

Tuile gan trá is ea buanghrá an Tiarna agus ní théann tobar a thrócaire i ndísc.

Abair leo: ‘Dar mo bheo - an Tiarna Dia a labhraíonn - ní mian liomsa bás an chiontaigh ach go n‑iompódh sé óna bhealaí agus go mairfeadh sé. Filligí, filligí ó bhur ndrochbhealaí. Cad chuige bhur ndúil sa bhás, a mhuintir Iosrael?’

Ní lorgóimid cúnamh ón Asaír, ná ní rachaimid i muinín eachra; go deo arís ní chanfaimid: “A Dhia linn” do dhéantús ár lámh; (óir is tú a ghlacann trua don dílleachta).

Ní bheidh deireadh déanta, áfach. Nuair a bheidh siad i dtír a naimhde, ní thabharfaidh mé cúl leo ná ní bheidh an ghráin agam orthu i slí is go scriosfainn ar fad iad agus go mbrisfinn mo chonradh leo; óir is mise an Tiarna a nDia.

óir bhí an mac seo agam marbh agus tá sé beo arís, bhí sé caillte agus fuarthas é.’ Agus thosaigh siad ag déanamh aoibhnis.

ach bhí sé ceart aoibhneas a dhéanamh agus áthas, óir bhí an deartháir seo agat marbh agus tá sé beo arís, bhí sé caillte agus fuarthas é.’ ”

(Óir tabharfaidh an Tiarna breith i bhfabhar a phobail, agus beidh trua aige dá shearbhóntaí.) Óir feicfidh sé gur thréig a gcumhacht, agus nach bhfuil aon duine fágtha, daor ná saor.

Tá a fhios ag Dia go bhfuilim ag tnúth libh uile le cion Íosa Críost féin.

Chaitheadar uathu na déithe deoranta a bhí acu agus rinneadar fónamh don Tiarna, agus níorbh fhéidir dósan cur suas leis an ngéarleanúint ar Iosrael a thuilleadh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí