Irimia 31:19An Bíobla Naofa 1981Sea, d'iompaigh mé i leataobh, ach tháinig aithrí orm ó shin; tháinig tuigsin chugam, bhuail mé m'ucht. Bhí deargnáire orm, níor thóg mé mo cheann; sea, lean dom go fóill míchlú m'óige.’ Féach an chaibidil |
Agus ar do cheistiú acu: ‘Cad chuige an mhairg?’, freagroidh tú: ‘Mar gheall ar an drochscéala. Nuair a thiocfaidh sé, caillfidh an uile chroí a mhisneach agus an uile lámh a neart; titfidh gach spiorad i bhfanntais agus gach glúin in ísle brí. Tá sé buailte linn agus rachaidh chun críche - an Tiarna Dia a labhraíonn.’ ”
Ansin cuimhneoidh siadsan a d'éalaigh ormsa, agus iad ar díbirt i measc na gciníocha. Mar beidh a gcroí a chuaigh ar seachrán uaim go macnasach [briste agam]; beidh a súile a théann go striapúil i ndiaidh a n‑íol dallta agam; agus ar fhéachaint orthu féin dóibh beidh gráin acu orthu mar gheall ar an olc a rinne siad, mar gheall ar a n‑uafáis go léir.