Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 31:14

An Bíobla Naofa 1981

sásóidh mé mo shagairt le bia blasta, agus beidh mo dhaoine sách le mo mhaitheas - an Tiarna a labhraíonn.

Féach an chaibidil Cóip

32 Tagairtí Cros  

Agus anois: “Éirigh, a Thiarna, a Dhia, agus isteach leat i do áit suaimhnis, tusa agus áirc do chumhachta. Tá an slánú um do shagairt mar éide, agus cuireann d'fhéile lúcháir ar d'fhíréin.

Beidh sagart, fear de shliocht Árón, i gcuideachta na Léivíteach agus iad ag tobhach na ndeachúna; déanfaidh na Léivítigh deachú de na deachúna a thabhairt suas go Teampall ár nDe, chuig na seomraí, chun an chiste,

de bhrí gur shásaigh sé an t‑anam tartmhar, agus gur líon sé de nithe fónta an t‑anam ocrach.

Gléasfaidh mé a shagairt le slánú, agus beidh a chuid fíréan ag canadh go meidhreach.

Go raibh éadaí na fíréantachta ar do shagairt; go raibh do naoimh ag canadh go meidhreach.

Feicfidh mise, áfach, do aghaidh i bhfíréantacht, agus ag dúiseacht dom sásófar mé le radharc do ghnúise.

A Thiarna, nach luachmhar é do bhuanghrá! Agus tagann an Ádhamhchlann ag triall ort go ngabhann faoi scáth do sciathán.

A Dhia, mo Dhia thú, is tú a iarraim, tá íota tharta ar m'anam chugat. Ní théann lagadh ar mo cholainn ach ag tnúth leat amhail talamh túr tirim gan uisce.

Ar an ábhar sin beannóidh mé le mo bheo thú agus ardóidh mé mo lámha i d'ainmse.

Líonfar m'anam mar a líonfaí le fleá é, agus molfaidh mo bhéal le ríméad thú.

lena eire urchóide. Luíonn ár lochtanna go trom orainn ach tugann tusa maithiúnas dúinn.

Cuirfidh an Tiarna an séan orainn; agus tabharfaidh an talamh a thoradh uaidh.

Tabhair ár sáith de do bhuanghrá ar maidin dúinn, go mbeidh áthas orainn agus gairdeas go deo.

Seo isteach i mo ghort mé, a shiúr liom, a bhrídeach, ag bailiú mo mhirr agus mo bhalsaim, ag ithe mo mheala agus mo chriathair, ag ól m'fhíona agus mo bhainne; ithigí, a chairde, ólaigí, déanaigí meidhir, a chairde cumainn.

Ullmhóidh Tiarna na Slua ar an sliabh seo le haghaidh na gciníocha go léir cóisir saille, cóisir do rogha na bhfíonta, de smior na saille, de thogha agus de rogha na bhfíonta;

Ach goirfear daoibhse sagairt an Tiarna agus tabharfar oraibh lucht freastail ár nDé. Beidh saibhreas na gciníocha agaibh le caitheamh agus a maoin ar fad faoi réir agaibh.

Óir tugaimse suaimhneas don anam cortha agus sólás don anam doilíosach.”

Agus beidh Iarúsailéim ina cúis athais domsa, ina cúis maíte agus onóra i láthair a bhfuil de chiníocha ar talamh; nuair a chluinfidh siadsan an uile mhaith atá á dhéanamh agam tiocfaidh eagla agus uamhan orthu mar gheall ar an uile shéan agus síocháin a sholáthraím di.’

Tabharfaidh mé Iosrael ar ais dá thalamh féaraigh; biafaidh sé ar Chairmeil agus ar Bháiseán, gheobhaidh sé a sháith ar shléibhte Eafráim agus Ghileád.

Beathóidh mé iad in innilt mhéith agus beidh a mbanrach ar shléibhte arda Iosrael. Luífidh siad síos ansin i mbanrach mhaith agus beidh féarach méith acu ar shléibhte Iosrael.

féachaint an gcaithfidh an síol fanacht sa scioból go fóill nó an amhlaidh nach dtabharfaidh an fhíniúin agus an crann fígí agus an phomagránait agus an ológ aon toradh uathu níos mó? Ón lá seo amach cuirfidh mé mo bheannacht oraibh.”

“Is méanar dóibh seo a bhfuil ocras agus tart chun na fíréantachta orthu, óir sásófar iad.

Moladh le Dia, le hAthair ár dTiarna Íosa Críost, a bhronn orainn, i gCríost, gach tabhartas spioradálta sna flaithis.

go gcuirfidh sibh eolas ar ghrá Chríost atá os cionn tuisceana agus go líonfar sibh de líonmhaireacht iomlán Dé.

Dúirt sé faoi Naftáilí: A Naftáilí, ar do shástacht le fabhair, agus lán de bheannachtaí an Tiarna, bíodh an loch agus an deisceart i do sheilbh.

Ach is cine tofa sibhse, sagartacht ríoga, muintir naofa, pobal a cuireadh ar leithrigh, le go bhfógródh sibh éachtaí an té sin a ghlaoigh as an dorchadas amach oraibh chun a sholais iontaigh féin.

agus rinne tú díobh ríocht agus sagairt dár nDia, agus rialóidh siad ar talamh.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí