Feach, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - agus ardóidh mé do Dháiví beangán fíréanta; rialóidh sé ina rí go críonna, agus déanfaidh sé breithiúnas agus ceart sa talamh.
Is duine díobh féin a bheidh ina phrionsa orthu, as a muintir féin a thiocfaidh a rialtóir. Ligfidh mise dó teacht i mo láthair agus féadfaidh sé teacht i ngar dom; go deimhin, cé eile a chuirfeadh a anam i gcontúirt agus teacht i ngar domsa? - an Tiarna a labhraíonn.
Ach ina dhiaidh sin lorgfaidh clann Iosrael an Tiarna, a nDia, (agus Dáiví, a rí,) agus brostóidh siad agus a gcroí ag preabadh chun an Tiarna agus a mhaitheasaí (sna laethanta deiridh).
Agus i dtaobh é a thógáil ó mhairbh gan aon mheathlú a theacht air go deo, is é atá ráite aige: ‘Tabharfaidh mé daoibh na beannachtaí naofa a gealladh do Dháiví.’