An leanfaidh sé dá fhearg go brách, an gcoinneoidh sé an racht go deireadh?’ Sin a dúirt tú, ach ina dhiaidh sin níor scoir tú den pheacú, bhí tú chomh ceanndána sin.”
Óir ní bheidh mé ag sárú oraibh i gcónaí, agus ní bheidh fearg á cothú istigh agam i dtólamh; mar sa tslí sin mheathfadh romham an bheatha féin agus gach dúil bheo dá ndearna mé.
Éirigh, mar sin, agus fógair na briathra seo leis an taobh ó thuaidh: Fill, a Iosrael mhídhílis - is é an Tiarna a labhraíonn. Ní bheidh strainc orm leat feasta, óir táim trócaireach - is é an Tiarna a labhraíonn. Ní choinneoidh mé mo racht go síoraí.
D'éist mise go haireach, níl an chaint cheart acu; ní dhearna aon duine aithrí ina olc á rá: ‘Céard tá déanta agam?’ Mar a réabann an t‑each chun catha is mar sin a théann gach aon duine amú ag leanacht a chúrsa féin.
Mairg don mhuintir a bhíonn ag meabhrú urchóide agus ag beartú oilc ar a leaba. Le céadsolas na maidine siúd chun gníomhartha iad mar is acmhainn dóibh é.
Tá a lámha oilte ar an olc a dhéanamh; bíonn síntiús éigin á lorg ag an ardfheidhmeannach agus is féidir an breitheamh a cheannach le breab agus labhraíonn an fear tiarnais de réir a mhéine féin. Mo chreach! Camann siad an dlí.