Éistigí briathar an Tiarna, sibhse a chiníocha! Insígí é seo do na hoileáin in imigéin: ‘An té a scaip Iosrael, cruinneoidh sé é, cumhdóidh sé é mar a dhéanann aoire a thréad.’
“A mhic an duine, tairngir i gcoinne tréadaithe Iosrael. Tairngir agus abair leo, is é sin, leis na tréadaithe: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Mairg do thréadaithe Iosrael a bheathaíonn iad féin! Nár chóir do thréadaithe an tréad a bheathú?
Beidh Dáiví, mo sheirbhíseach, ina rí orthu, agus ní bheidh ach aon tréadaí amháin acu go léir. Siúlfaidh siad de réir mo reachtanna agus comhlíonfaidh siad mo dheasghnátha go beacht.
Dúirt an Tiarna: “Cé hé más ea, an maor úd atá iontaofa géarchúiseach a gceapfaidh an máistir os cionn a lucht tís é chun a gcion den arbhar a thabhairt dóibh i dtráth?
Tugaigí aire daoibh féin mar sin agus don tréad ar fad a bhfuil sibh ceaptha in bhur maoir air ag an Spiorad Naomh chun bheith in bhur n‑aoirí ar an Eaglais a cheannaigh sé dó féin lena chuid fola.”
Ach labhraimidne eagna i measc na muintire atá tagtha in inmhe, ach ní hí eagna an tsaoil seo í ná eagna lucht ceannais an tsaoil seo, dream atá ag imeacht as.
Anois, ámh, ní mhairfidh do fhlaitheas; chuardaigh an Tiarna agus fuair sé fear de réir a chroí féin, agus cheap sé é mar thaoiseach ar a phobal mar nár chuir tú i gcrích na nithe a d'ordaigh an Tiarna duit.”