Irimia 3:12An Bíobla Naofa 1981Éirigh, mar sin, agus fógair na briathra seo leis an taobh ó thuaidh: Fill, a Iosrael mhídhílis - is é an Tiarna a labhraíonn. Ní bheidh strainc orm leat feasta, óir táim trócaireach - is é an Tiarna a labhraíonn. Ní choinneoidh mé mo racht go síoraí. Féach an chaibidil |
Tháinig briathar an Tiarna chugam á rá: “Má scarann fear lena bhean agus go n‑imíonn sí uaidh agus go mbíonn sí ag fear eile, an bhféadann sí filleadh air arís? Nár truaillíodh an giodán talún sin go mór? Agus tusa a rinne striapach díot féin leis an oiread sin leannán, an bhfillfeása orm? - is é an Tiarna a labhraíonn.