Seachadadh an litir le cabhair Ealásá mac Sheáfán agus Ghamairiá mac Hilcíá a chuir Zidicíá rí Iúdá don Bhablóin go Nabúcadnazar rí na Bablóine. Mar seo a ghabh an litir:
Ansin thug an rí an t‑ordú seo leanas do Hilcíá, an sagart, d'Aichíceám mac Sheáfán, d'Acbór mac Mhícáiá, do Sheáfán, an rúnaí, agus d'Asáiá, searbhónta an rí:
Dúirt Hilcíá, an t‑ardsagart, le Seáfán, an rúnaí: “Fuair mé leabhar an dlí i dTeampall an Tiarna.” Agus thug Hilcíá an leabhar do Sheáfán agus léigh seisean é.
Ina seasamh rompu bhí seachtó de shinsir mhuintir Iosrael agus Iázainia mac Sheáfán ina measc; a cheansa ina láimh ag gach duine acu agus néal túise ag éirí as.